Scéimeanna maoinithe fógartha ag Údarás na Gaeltachta

7 Aibreán, 2025

nóiméad léite

Mícheál Mac Giolla Easbuig (Ceannasaí Réigiún an Tuaiscirt, Údarás na Gaeltachta), Eithne Nic Lochlainn (Bainisteoir, Lárionad Acmhainní Teo.), Rónán Mac Con Iomaire (Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga, Údarás na Gaeltachta), Mairéad Nic an Iomaire (Lárionad Acmhainní Nádúrtha Teo.), Bearnaí Ó Gallchobhair (Cathaoirleach, Lárionad Acmhainní Nádúrtha Teo.), Aodh Mac Suibhne (Feidhmeannach Forbartha Réigiún an Tuaiscirt, Údarás na Gaeltachta)

Scéimeanna maoinithe fógartha ag Údarás na Gaeltachta

Tá scéimeanna maoinithe fógartha ag Údarás na Gaeltachta a chuirfidh tacaíocht airgid ar fáil d’fhiontair shóisialta agus do choistí agus grúpaí pobail sa Ghaeltacht chun fiontair shóisialta, tionscnaimh forbartha agus fiontair pobail a chur ar bun.

Scéim Thacaíochta d’Fhiontair Shóisialta

Tá an scéim seo dírithe ar eagrais forbartha agus eagraíochtaí gur fiontair shóisialta iad le tograí straitéiseach ar leith a fhorbairt a chuirfidh le cumas forbartha, nuálaíochta agus iomaíochta an ghnó chomh maith le bunú fiontair shóisialta nua sa Ghaeltacht.  Tabharfar tacaíocht do líon áirithe eagrais atá ag smaoineamh ar choincheap gnó fiontar sóisialta a fhorbairt chomh maith.

Is ionann fiontar sóisialta agus fiontar / gnó a bhfuil sé mar aidhm aige tionchar dearfach a bheith aige ar ghnóthaí sóisialta, forbartha pobail, forbartha sochaí nó timpeallachta ina cheantar nó ina réimse oibre.

Cuirfear tacaíocht suas le 75% den chaiteachas incháilithe ar fáil faoin scéim seo.

Scéim Fiontar Pobail

Tá an scéim seo dírithe ar choistí agus grúpaí pobail atá ag plé le tionscadail forbartha pobail.

Cuirfear deontais suas le €3,000 ar fáil ag ráta 75% den chaiteachas incháilithe, cibé acu is lú, faoin Scéim Fiontar Pobail.

"Is é croílár na scéimeanna seo ná cumhacht a thabhairt do phobail na Gaeltachta a dtodhchaí féin a mhúnlú trí thionscadail nuálacha a fhorbairt a théann chun tairbhe don phobal iomlán," a dúirt Rónán Mac an Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Pobail agus Teanga ag Údarás na Gaeltachta.

Ní mór d'iarratasóirí foirm iarratais a líonadh go cuí, meastacháin scríofa ar na costais a chur ar fáil, agus cóip de Bhunreacht nó Meamram & Airteagail na hEagraíochta a sholáthar.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach n-íocfar aon deontas i leith caiteachais atá déanta roimh dháta ceadaithe an deontais.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le d'oifig réigiúnach áitiúil de chuid Údarás na Gaeltachta nó le hAonad Forbartha Pobal an Údaráis ag afp@udaras.ie