Scéim Forbartha Turasóireachta 2025 á Seoladh ag Údarás na Gaeltachta

7 Eanáir, 2025

nóiméad léite

Fanad Lighthouse
Fanad Lighthouse

Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta a fhógairt go bhfuil Scéim Forbartha Turasóireachta 2025 á seoladh, ag tógáil ar rath na scéime píolótaí a reáchtáladh idir 2018-2024. Cuirfear maoiniú suas le €40,000 in aghaidh na bliana ar fáil do thionscadail turasóireachta Gaeltachta.

Díríonn an scéim ar thrí phríomhréimse: áiseanna turasóireachta atá ag feidhmiú cheana féin, tionscadail nua atá á bhforbairt, agus tograí pobail. Tá tacaíocht ar fáil ar feadh tréimhse suas le trí bliana, ag brath ar chatagóir an togra.

Mar chuid den scéim, beidh deis ag gach oifigeach turasóireachta páirt a ghlacadh i gclár foghlama cuimsitheach, lena n-áirítear cruinnithe míosúla, meantóireacht agus oiliúint leanúnach.

Reáchtálfar seisiúin eolais ar líne ar an 16ú agus 22ú Eanáir 2025. Tá sé éigeantach freastal ar ceann de na seisiúin seo. Chun clárú is gá ríomhphost a sheoladh chuig meadbh.seoighe@udaras.ie le 'scéim turasóireacht' sa líne ábhair.

Dúirt Meadbh Seoighe, Bainisteoir Turasóireacht Údarás na Gaeltachta:

 "Léiríonn an scéim seo ár dtiomantas d'fhorbairt inbhuanaithe na turasóireachta sa Ghaeltacht. Le linn na scéime píolótaí, ghlac 18 gnó páirt agus tá muid ag súil le tógáil ar an rath sin."

Is é an spriocdháta maidir le hiarrtas a dhéanamh ná 04/02/2025 Tá an fhoirm iarratais ar fáil ag https://bit.ly/3WbpdKW

*Tá an scéim seo oscailte do eagrais pobail bhunaithe agus eagrais neamh bhrabúsach amháin. Níl cuideachta príobháideacha incháilithe don scéim seo.

Treoirlínte agus Doiciméad Eolais