Mol Bia Nua le Seoladh i Ros Muc

17 Nollaig, 2024

nóiméad léite

Mussels on a plate

Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta a fhógairt go bhfuil Mol Bia nua ceannródaíoch le bunú in Ionad Fiontar Ros Muc, Conamara. Is é aidhm an Mhoil ná tacaíocht chuimsitheach a sholáthar do tháirgeoirí bia reatha agus do dhaoine ar spéis leo gnó bia a bhunú i gConamara Láir.

Tá oidhreacht shaibhir bhia ag Conamara Láir - ó fheirmeoireacht thraidisiúnta go dtí iascaireacht mhara agus saothrú sliogéisc. Tá an oidhreacht seo fós beo bríomhar inniu, agus tá borradh faoi thionscnaimh nua bhia sa cheantar. Cuirfidh an mol seirbhísí riachtanacha ar fáil in aon ionad amháin, rud nach raibh ar fáil i gConamara go dtí seo.

Díreoidh an Mol ar thrí phríomhsheirbhís:

  1. Eolas agus oiliúint chuimsitheach do tháirgeoirí bia reatha agus d'fhiontraithe féideartha
  2. Spás solúbtha ar cíos do chomhlachtaí bia chun fás agus forbairt
  3. Forbairt an tionscail bhia áitiúil trí thurasóireacht agus margaí áitiúla a chothú

Oibreoidh Údarás na Gaeltachta i gcomhar le fiontraithe, eagraíochtaí áitiúla cosúil le Forbairt Chonamara Láir Teo., agus páirtithe leasmhara eile chun clár forbartha cuimsitheach a chur i bhfeidhm ó 2025 ar aghaidh. Tabharfar aird ar leith ar thacaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta, lena n-áirítear spás proifisiúnta a sholáthar do dhaoine atá ag tosú amach.

"Is céim shuntasach í seo d'fhorbairt na hearnála bia i nGaeltacht Chonamara," a dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta "Cuirfidh an Mol Bia ardán ar fáil do ghnólachtaí chun fás go hinbhuanaithe, ag cruthú fostaíochta agus deiseanna nua sa cheantar."

Cuirfear béim láidir ar nuálaíocht agus inbhuanaitheacht sa Mhol, ag cinntiú gur féidir le gnólachtaí bia na Gaeltachta dul san iomaíocht go héifeachtach ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.