Tá an grúpa ceoil deirfiúracha An Chéad Ghlúin Eile as Ráth Chairn, Contae na Mí, páirteach i bhfeachtas a seoladh an tseachtain seo ag Údarás na Gaeltachta. Léiríonn an feachtas 'An Chéad Chéim Eile' conas atá an eagraíocht ag tógáil ar na blianta fada oibre forbartha chun todhchaí nuálach a leagan amach do cheantair Ghaeltachta na hÉireann. Trí sheacht scéal spreagúla, ceann amháin as gach Gaeltacht in Éirinn, léiríonn an feachtas cén chaoi atá an oidhreacht thraidisiúnta agus an fhiontraíocht nua-aimseartha ag cruthú pobal Gaeilge inmharthana agus bríomhar.
Óna mbaile i Ráth Chairn, Contae na Mí, tá na deirfiúracha Máire agus Etain Ní Churraoin ag athrú an chaoi a sroicheann an Ghaeilge agus an cultúr lucht féachana domhanda. Mar thionchairí TikTok, tá siad ag cruthú go bhfuil traidisiúin na Gaeltachta ní hamháin ag maireachtáil ach ag dul ó neart go neart san aois dhigiteach. Léiríonn a scéal cén chaoi atá glórtha óga ón nGaeltacht ag múnlú na todhchaí agus iad dílis dá bhfréamhacha. Le tacaíocht Údarás na Gaeltachta do thionscnaimh cosúil leis an spás oibre gteic agus halla pobail Ráth Chairn, tugtar spás do na fiontraithe óga seo a bheith cruthaitheach agus chun glúin nua de chruthaitheoirí ábhair Gaeilge a threorú.
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:
"Is léiriú é an feachtas 'An Chéad Chéim Eile' ar inbhuanaitheacht na Gaeilge agus na Gaeltachta leis na mílte bliain anuas. Tá lucht labhartha na teanga de shíor ag aistriú gan choinne agus ar cheann na cruthaitheachta – ag teacht ar bhealach nua chun an chéad dúshlán teanga eile a shárú. Anois, agus muid ar thairseach nua theicneolaíochta, is deis machnaimh iad na scéalta seo – ní tús ná deireadh iad na scéalta seo, ach blaiseadh don saol mar atá, agus ar aghaidh linn leis an gcéad chéim eile."
Agus na réigiúin Ghaeltachta ag glacadh leis an aois dhigiteach, tá Údarás na Gaeltachta ag glacadh "na chéad chéimeanna eile, le chéile" leis na pobail uathúla seo, á gcur chun tosaigh i nuálaíocht teicneolaíochta. Trí infheistíocht straitéiseach i mbonneagar digiteach, in áiseanna taighde AI, agus in ionaid ghorlainne do ghnólachtaí nuathionscanta teicneolaíochta, táimid ag cruthú éiceachórais inar féidir le pobail teanga thraidisiúnta dul chun cinn a dhéanamh in aois na hArd hintleachta.
Cinntíonn an cur chuige réamhfhéachach seo nach bhfuil na réigiúin Ghaeltachta díreach ag caomhnú a n-oidhreachta cultúrtha ach go bhfuil siad ag éirí ina moil do chomhlachtaí teicneolaíochta na chéad ghlúine eile, ag cruthú deiseanna fostaíochta ardsciliúla a ligeann do dhaoine óga gairmeacha a thógáil agus iad ina gcónaí i bpobail Ghaeilge