Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta, i gcomhpháirt le Rialtas na hAlban Nua, clár píolótach nua nuálach a fhógairt - 'Siar agus Aniar | Siar agus an Ear | East and West Malartú Ambasadóirí'.
Is é aidhm an tionscnaimh seo ná naisc chultúrtha agus teanga a threisiú idir Conamara agus Albain Nua, Ceanada trí mhalartú cultúrtha uathúil. Roghnófar ambasadóir beirt as Conamara chun tréimhse 3 mhí a chaitheamh in Albain Nua, Ceanada, áit a mbeidh siad páirteach i gclár cuimsitheach de ghníomhaíochtaí cultúrtha agus teanga.
Díríonn an clár ar dhaoine atá tiomanta don Ghaeilge agus don chultúr Gaelach, le béim ar leith ar scileanna traidisiúnta cosúil le scéalaíocht, amhránaíocht, agus ceol. Ní mór d'iarrthóirí a bheith 18 mbliana d'aois ar a laghad, cónaí a bheith orthu i gConamara, agus ardleibhéal Gaeilge a bheith acu.
Tabharfar tacaíocht iomlán dona ambasadóirí roghnaithe, lena n-áirítear costais taistil, lóistín agus scoláireacht do chostais theagmhasacha. Beidh an clár faoi stiúir meithle oibre atá comhdhéanta d'eagraíochtaí móra le rá ó Éirinn agus ó Cheanada, lena n-áirítear Údarás na Gaeltachta, Comharchumann Mhic Dara, Ionad Cuimhneacháin na nImirceach, Baile nan Gàidheal, agus Oifis Iomairtean na Gàidhlig.
Is é seo an dara céim ins an scéim píolótach nuálach, tar éis do bheirt as an Albain Nua atréimhse 3 mhí a chaitheamh i nGaeltacht Chonamara níos luaithe i mbliana.
Is é an 13 Nollaig 2024 an spriocdháta d'iarratais. Ní mór d'iarrthóirí spéisithe iarratas scríofa agus litir thagartha a sheoladh chuig afp@udaras.ie.
"Is céim thábhachtach chun tosaigh é an tionscnamh seo i neartú na nasc idir pobail Ghaeltachta in Éirinn agus in Albain Nua, Ceanada," a deir Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúin, Pobail & Teanga, Údarás na Gaeltachta. "Aithníonn muid an ceangal láidir ata idir an dá phobal thar na mblianta, agus creidimid go gcuideoidh an malartú seo le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach ár dteanga agus ár gcultúir. Tá sé tábhachtach go mbeadh deiseanna mar seo ar fáil do mhuintir na Gaeltachta chun naisc idirnáisiúnta a chothú agus a neartú, go háirithe le pobail a bhfuil an oidhreacht chéanna acu."