Plean ‘Lár Bailte ar dTús’ le Forbairt sa Cheathrú Rua

8 Samhain, 2024

nóiméad léite

Na daoine sa phictiúr (ó chlé go deas) ag seoladh Plean 'Town Centre First' don Cheathrú Rua: Seán Ó Coisdealbha (Bainisteoir Réigiún an Iarthair, Údarás na Gaeltachta), John Caulfield (Stiúrthóir Cur i bhFeidhm Straitéise, Ollscoil na Gaillimhe), Hazel Fox (Oifigeach Athnuachana Baile, Comhairle Chontae na Gaillimhe), Uinsinn Finn (Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Chontae na Gaillimhe), Rónán Mac Con Iomaire (Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga), an Clr Thomas Welby (Cathaoirleach Cheantar Bardasach Chonamara), agus Ultan Ó Fatharta (Feidhmeannach Forbartha, Údarás na Gaeltachta) ag cruinniú Cheantar Bardasach Chonamara san Chrompán, An Cheathrú Rua,

D'fhógair Comhairle Contae na Gaillimhe agus Údarás na Gaeltachta tionscnamh ceannródaíoch nua don Cheathrú Rua - Plean 'Lár Bailte ar dTús' (TCF) - a chuirfear tús leis in 2025.

Tagann an tionscadal suntasach seo faoi scáth pholasaí náisiúnta 'Lár Bailte ar dTús' 2022, agus é mar fhís aige an Cheathrú Rua a bhuanú mar chroílár beoga cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíoch don phobal.

"Is baile tábhachtach í an Cheathrú Rua i dtaobh na pleanála teanga sa mhéid agus gurb í an tsráidbhaile is láidre sa tír í i dtaobh labhairt laethúil na Gaeilge, agus táthar ag tapú deis suntasach i gcomhar le Comhairle Contae na Gaillimhe an acmhainn sin a neartú, i dtaobh gnó, cuairteoirí agus an pobal trí chéile," a deir Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga,  Údarás na Gaeltachta.

Comhpháirtíocht Láidir

Beidh Comharchumann Mhic Dara i gceannas ar Fhoireann TCF tiomnaithe, ag obair i ndlúthchomhar le:

  • Comhairle Contae na Gaillimhe
  • Údarás na Gaeltachta
  • Páirtithe leasmhara áitiúla
  • Grúpaí pobail
  • Eagraíochtaí áitiúla

Cur Chuige Comhtháite

Oibreoidh an Fhoireann TCF go dlúth le hOifigeach Athnuachana Baile na Comhairle, an Fhoireann Athnuachana, agus ionadaithe an Cheantair Bhardasaigh chun:

  • Príomhthionscadail forbartha a aithint
  • Iarratais mhaoinithe a ullmhú do scéimeanna éagsúla (RRDF, TVR, Bonneagar Áineasa Allamuigh)
  • Comhtháthú a chinntiú le tionscnaimh reatha mar Phlean Gníomhaíochta na Ceathrún Rua 2021-2026 agus Leithinis Spóirt na Gaeltachta 2021

Rannpháirtíocht Phobail

Beidh ról lárnach ag an bpobal i múnlú an phlean trí shraith seisiún comhairliúcháin poiblí, ag cinntiú go léireofar fíorriachtanais agus mianta an phobail sa phlean deiridh.

Cuireadh an plean i láthair go hoifigiúil ag cruinniú Cheantar Bardasach Chonamara sa Chrompán ar an 8 Samhain 2024.