Clár Nua GAIRM ó Údarás na Gaeltachta faoi lán seoil

4 Deireadh Fómhair, 2024

nóiméad léite

Tomás Ó Síochán, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, i gceanncheathrú Údarás na Gaeltachta, in éineacht le rannpháirtithe an chláir GAIRM.
Tomás Ó Síochán, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, i gceanncheathrú Údarás na Gaeltachta, in éineacht le rannpháirtithe an chláir GAIRM.

Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta a fhógairt go bhfuil a chlár nua ceannródaíoch, GAIRM, anois faoi lán seoil, agus gur thosaigh an chéad ghrúpa rannpháirtithe a gcuid oibre an tseachtain seo.

Tá an chéad chohórt de rannpháirtithe tar éis tosú lena gcuid oibre i gceanncheathrú Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo, rud a léiríonn tús rathúil an chláir dhá bhliain seo. Tá suas le deichniúr céimithe páirteach sa chlár, agus cé go bhfuil siad ag tosú i gceanncheathrú na heagraíochta, beidh deis acu taithí a fháil in ionaid éagsúla ar fud na Gaeltachta le linn an chláir. Mar chuid lárnach den chlár, tá na rannpháirtithe ag tabhairt faoi Dhioplóma Iarchéime (Leibhéal 9) i gcomhar le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh. Le linn a dtréimhse dhá bhliain, gheobhaidh na rannpháirtithe taithí luachmhar i réimsí éagsúla laistigh d'Údarás na Gaeltachta, lena n-áirítear bainistíocht, obair le comhlachtaí Gaeltachta, agus forbairt pobail.

Ag labhairt faoin dul chun cinn, dúirt Tomás Ó Síochán Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

"Tá áthas orainn fáilte a chur roimh an gcéad ghrúpa rannpháirtithe chuig clár GAIRM. Is céim shuntasach í seo inár n-iarrachtaí chun tallann óg a fhorbairt agus a choinneáil inár bpobail Ghaeltachta. Trí GAIRM, táimid ag cur go gníomhach le todhchaí ár réigiún Gaeltachta agus ag cothú na chéad ghlúine eile de cheannairí."

Is é príomhchuspóir an chláir seo ná tacú le misean Údarás na Gaeltachta an Ghaeilge a chaomhnú agus a láidriú mar theanga bheo, agus forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta a chur chun cinn.

Tá an clár dírithe ar iarrthóirí le Gaeilge líofa agus céim NFQI Leibhéal 8 i réimsí éagsúla mar ghnó, teicneolaíocht, cuntasaíocht, pleanáil, bainistíocht tionscadal, eolaíocht, eolaíochtaí sóisialta, agus cumarsáid.

Leanfaidh Údarás na Gaeltachta ag déanamh monatóireachta ar dhul chun cinn an chláir agus ag soláthar tacaíochta do na rannpháirtithe ar feadh a dtréimhse dhá bhliain.