Údarás na Gaeltachta ag freastal ar an Laurentic Forum i Naomh Eoin, Talamh an Éisc

26 Meán Fómhair, 2024

nóiméad léite

Méadhbh Seoighe, Bainisteoir Turasóireachta Údarás na Gaeltacht

'fhreastail ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta ar an Laurentic Forum le déanaí i Naomh Eoin, Talamh an Éisc, Ceanada, ag glacadh páirt i bplé tábhachtach ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta i réigiúin chósta agus oileáin.

Bhí an Laurentic Forum ina ardán luachmhar do phlé ar dhúshláin agus deiseanna a bhaineann le forbairt inbhuanaithe i bpobail chósta. Bhí sé mar aidhm ag an bhfóram naisc a chruthú idir pobail chósta éagsúla agus deiseanna comhoibrithe a aithint.

Dúirt Méadhbh Seoighe, Bainisteoir Turasóireachta Údarás na Gaeltachta a d'fhreastail ar an bhfóram:

"Bhí an Laurentic Forum ina dheis iontach dúinn ár dtaithí a roinnt maidir le forbairt inbhuanaithe sna ceantair Ghaeltachta cois cósta agus ar na hoileáin. Chuala muid faoi chur chuige nuálacha ó réigiúin eile agus d'aithin muid roinnt deiseanna comhoibrithe a d'fhéadfadh dul chun tairbhe ár bpobal Gaeltachta. Go háirithe, bhí an plé ar chaomhnú teanga i gceantair chósta an-ábhartha dúinn agus táimid ag súil le leanúint leis an gcomhoibriú seo amach anseo."

I measc na n-ábhar a pléadh ag an bhfóram bhí:

- Forbairt inbhuanaithe i bpobail chósta

- Dúshláin agus deiseanna do gheilleagair oileáin

- Nuálaíocht i dtionscail mhuirí

- Caomhnú teanga agus cultúir i gceantair chósta

Ghlac Údarás na Gaeltachta páirt ghníomhach sna díospóireachtaí seo agus d'éirigh leo naisc nua a chruthú le heagraíochtaí comhchosúla ó thíortha eile.

Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta do na ceachtanna a foghlaimíodh ag an bhfóram a chur i bhfeidhm ina gcuid oibre chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn i gceantair Ghaeltachta cois cósta agus ar na hoileáin.