Údarás na Gaeltachta ag Glacadh Páirte i Mí na Smaointe Mhaigh Eo le Ceardlann Turasóireachta Inbhuanaithe

23 Meán Fómhair, 2024

nóiméad léite

Seán Ó Coisdealbha, Bainisteoir Réigiún an Iarthair le hÚdarás na Gaeltachta, in éineacht le comhpháirtithe eile atá ag glacadh páirte i MÍ NA SMAOINTE MHAIGH EO.

Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta a fhógairt go mbeidh siad ag glacadh páirte i Mí na Smaointe Mhaigh Eo 2024, sraith imeachtaí gnó agus fiontraíochta a bheidh ar siúl i rith mhí Dheireadh Fómhair. Mar chuid den tionscnamh seo, beidh Údarás na Gaeltachta, i gcomhar le South West Mayo Development Company (SWMDC), ag óstáil ceardlainne dar teideal "Ag Forbairt Gnó Turasóireachta".

Sonraí an Imeachta:

- Dáta: Aoine, 20 Deireadh Fómhair

- Am: 10:00 - 13:00

- Ionad: Ionad Pobail Thuar Mhic Éadaigh

Is é aidhm na ceardlainne seo ná tacú le gnólachtaí áitiúla agus le fiontraithe atá ag iarraidh a ngnó turasóireachta a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe. Tabharfaidh an t-imeacht seo deis do rannpháirtithe foghlaim faoi na dea-chleachtais is déanaí i dturasóireacht inbhuanaithe, líonrú a dhéanamh le gairmithe eile sa tionscal, agus straitéisí a fhorbairt chun a ngnólachtaí a fhás agus a chothú.

Dúirt Seán Ó Coisdealbha, Bainisteoir Réigiún an Iarthair le hÚdarás na Gaeltachta:

"Tá an-áthas orainn a bheith ag glacadh páirte i Mí na Smaointe Mhaigh Eo agus ag obair i gcomhar le SWMDC chun an cheardlann thábhachtach seo a chur ar fáil. Tá ról ríthábhachtach ag an turasóireacht inbhuanaithe i bhforbairt eacnamaíoch ár bpobal Gaeltachta, agus creidimid go gcuideoidh an t-imeacht seo le gnólachtaí áitiúla a gcumas a uasmhéadú sa réimse seo."

Tá Mí na Smaointe Mhaigh Eo ar siúl i rith mhí Dheireadh Fómhair, le sraith imeachtaí a dhíríonn ar ghiniúint smaointe, fiontraíocht agus tacaíocht gnó. Áirítear ar na himeachtaí eile seimineár 'Decades of Success' le Bryan Dobson, imeacht 'Digital West 2024' a dhíríonn ar AI, agus an ócáid líonraithe 'Meet Mayo'.

Moltar do gach gnó turasóireachta agus fiontraí atá lonnaithe i nGaeltacht Mhaigh Eo freastal ar an gceardlann seo. Tá an t-imeacht saor in aisce, ach tá áirithint riachtanach mar gheall ar an spás teoranta.

Chun áit a chur in áirithe nó chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le: orla@udaras.ie

Tá sonraí iomlána faoi gach imeacht ar fáil ar https://www.mayoideasmonth.ie/.