Corca Dhuibhne ag Lonrú ag The Big E: Oidhreacht, Oideachas, Tráchtáil agus Turasóireacht na Leithinsí i mBéal an Phobail

18 Meán Fómhair, 2024

nóiméad léite

Photo-Caption-Donal-O-Liathain-Regional-Manager-of-Udaras-na-Gaeltachta-the-Mayor-of-Kerry-Councillor-Brendan-Fitzgerald-and-other-members-of-the-delegation.jpg

D'éirigh thar barr le rannpháirtíocht Chontae Chiarraí agus Leithinis Chorca Dhuibhne ag The Big E i Springfield, Massachusetts le déanaí. Bhí ról tábhachtach ag Údarás na Gaeltachta sa taispeántas seo, ag cur chun cinn nasc cultúrtha agus eacnamaíocha idir Éire agus Iarthar Massachusetts. Chuir an tÚdarás béim ar leith ar thábhacht na Gaeltachta agus ar na deiseanna gnó agus infheistíochta atá ar fáil sna ceantair seo.

Dúirt Méara Chiarraí, an Comhairleoir Breandán Mac Gearailt, gur ghlac sé féin, in éineacht le hionadaithe tofa ó Chomhairle Contae Chiarraí, Údarás na Gaeltachta, agus baill de Chonsalacht na hÉireann i mBoston páirt i réimse leathan imeachtaí cultúrtha, oideachais, trádála agus turasóireachta le linn deireadh seachtaine oscailte The Big E chun naisc le Contae Chiarraí a chur chun cinn.

Dúirt Dónal Ó Liatháin, Bainisteoir Réigiúnach Údarás na Gaeltachta:

"Sholáthair The Big E ardán gan sárú chun oidhreacht shaibhir chultúrtha agus cruthaitheacht chomhaimseartha réigiúin Ghaeltachta na hÉireann, go háirithe Leithinis Chorca Dhuibhne, a thaispeáint. Neartaíonn an ócáid seo ár naisc leis an diaspóra Éireannach in Iarthar Massachusetts, agus ag an am céanna cuireann sé ár dteanga, ár gceardaíocht agus ár ngnólachtaí uathúla chun cinn do lucht féachana Meiriceánach níos leithne. Tá Údarás na Gaeltachta bródúil tacaíocht a thabhairt don tionscnamh seo a nascann ár bpobail trasna an Atlantaigh."

I measc na ngnólachtaí agus na n-eagraíochtaí a ghlac páirt sa taispeántas bhí:

  • Ionad an Bhlascaoid
  • Scoil Ealaíne Chorca Dhuibhne
  • Seodra Brian de Staic
  • Criostal Chorca Dhuibhne
  • Potaireacht Louis Mulcahy
  • Siopa na bhFíodóirí (Lisbeth Mulcahy)
  • Drioglann Chorca Dhuibhne

D'éirigh thar barr leis an ócáid, ag neartú na nasc idir Éire, go háirithe Gaeltacht Chorca Dhuibhne, agus Iarthar Massachusetts. Léirigh sé an tábhacht a bhaineann le himeachtaí mar seo chun ár gcultúr, ár dteanga agus ár ngnólachtaí a chur chun cinn go hidirnáisiúnta, rud atá mar phríomhsprioc ag Údarás na Gaeltachta.