Cead Pleanála Faighte ag Údarás na Gaeltachta d’Ionad Oideachais agus Óige Nua in Indreabhán

16 Iúil, 2024

nóiméad léite

Íomha do Ionad Óige

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte mhór roimh cead pleanála a bheith ceadaithe d'Ionad Oideachais agus Óige nua in Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

 

Is forbairt shuntasach é seo a rachaidh chun sochair an phobail áitiúil agus Gaeltacht Chonamara araon. 

 

Cuirfidh an t-ionad nua seo áiseanna oideachais agus sóisialta den scoth ar fáil do dhaoine óga na Gaeltachta. Beidh spásanna foghlama nua-aimseartha ann mar aon le háiseanna caitheamh aimsire agus imeachtaí pobail. Cruthóidh sé deiseanna iontacha freisin le haghaidh comhoibriú idir scoileanna agus eagraíochtaí don aos óg sa cheantar. 

 

Tá ról lárnach ag an óige i dtodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta. Trí infheistíocht mar seo a dhéanamh, léiríonn an tÚdarás a thiomantas chinntiú go bhfuil an tacaíocht agus na hacmhainní riachtanacha ann le freastal ar a gcuid riachtanas foghlama, forbartha agus sóisialta.  

 

Ag labhairt dó, dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:  

 

"Is cúis mhór áthais agus bróid dúinn an dea-scéala seo. Tá géarghá le hionad mar seo a thacóidh le forbairt phearsanta, oideachasúil agus shóisialta ár ndaoine óga sa Ghaeltacht. Táimid tiomanta do thodhchaí rathúil a chinntiú don chéad ghlúin eile agus is céim mhór chun tosaigh é seo chun é sin a bhaint amach." 

 

Táimid buíoch don phobal áitiúil as a dtacaíocht don tionscadal seo agus tá súil againn tús a chur le tógáil amach anseo.  

 

Cuirfidh Údarás na Gaeltachta tacaíocht leanúnach ar fáil don tionscadal le linn gach céim den fhorbairt. Táimid tiomanta d'infheistíocht a dhéanamh inár bpobail Ghaeltachta agus deiseanna a chruthú don chéad ghlúin eile.