Éacht Eorpach do Mhic Léinn Ghaeltachta: An Dara hÁit Bainte ag Glan go Glas

5 Iúil, 2024

nóiméad léite

Buaiteoirí óga ón nGaeltacht: Foireann Glan go Glas ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne - Kate Ní Shúilleabháin, Katie Ní Éineacháin, Ríona Ní Ghealbháin, Oisín Ó Dubhda agus Cian Ó Gallchóir - ag ceiliúradh a n-éacht iontach i gCatania na hIodáile, tar éis dóibh an dara háit a bhaint amach i gComórtas Chomhlacht na Bliana de chuid Junior Achievement Europe.
Buaiteoirí óga ón nGaeltacht: Foireann Glan go Glas ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne - Kate Ní Shúilleabháin, Katie Ní Éineacháin, Ríona Ní Ghealbháin, Oisín Ó Dubhda agus Cian Ó Gallchóir - ag ceiliúradh a n-éacht iontach i gCatania na hIodáile, tar éis dóibh an dara háit a bhaint amach i gComórtas Chomhlacht na Bliana de chuid Junior Achievement Europe.

Is cúis mhór áthais é a fhógairt go bhfuil an dara háit bainte amach ag Glan go Glas, an fhoireann óg fiontraíochta ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, i gComórtas Chomhlacht na Bliana de chuid Junior Achievement Europe. Bhí an comórtas ar siúl i gCatania, an tSicil le déanaí, áit a raibh breis is 800 fiontraí óg ó níos mó ná 40 tír san iomaíocht.

Cúigear mac léinn - Kate Ní Shúilleabháin, Katie Ní Éineacháin, Ríona Ní Ghealbháin, Oisín Ó Dubhda agus Cian Ó Gallchóir - a bhunaigh an mionchomhlacht 'Glan go Glas', a dhíríonn ar tháirgí glantacháin éiceabhách a tháirgeadh. D'éirigh leo ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn sa chomórtas Eorpach tar éis dóibh buachan i gcomórtas náisiúnta Chlár na gComhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta.

Léiríonn an t-éacht seo ní hamháin scoth na fiontraíochta óige in Éirinn, ach freisin an nuálaíocht agus an tiomantas don inbhuanaitheacht atá á spreagadh i bpobail Ghaeltachta na tíre. Tá an fhoireann tar éis aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le táirgí glantacháin atá neamhdhíobhálach don timpeallacht, rud a léiríonn go soiléir an méadú atá ag teacht ar an éileamh ar tháirgí tí atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

"Is éacht iontach é seo do Glan go Glas agus do Phobalscoil Chorca Dhuibhne. Léiríonn sé go soiléir an tallann agus an nuálaíocht atá ag ár n-aos óg sa Ghaeltacht. Tá sé mar fhianaise ar an tábhacht a bhaineann le cláir mar Chlár na gComhlachtaí chun scileanna fiontraíochta a chothú i measc ár ndaoine óga, ag cinntiú go bhfuil todhchaí gheal i ndán d'fhiontraíocht sa Ghaeltacht."

Chuir Helen Raftery, POF Junior Achievement Ireland, a cuid comhghairdis in iúl don fhoireann freisin:

"Is léiriú é seo ar an gcaighdeán ard fiontraíochta atá á chothú inár scoileanna Gaeltachta. Tá Glan go Glas tar éis onóir mhór a thabhairt d'Éirinn ar an ardán Eorpach."

Tá an t-éacht seo ag Glan go Glas ina chruthúnas ar an gcumas agus an nuálaíocht atá ag teacht chun cinn i measc fiontraithe óga na Gaeltachta, agus tugann sé le fios go bhfuil todhchaí gheal i ndán don fhiontra