Fiontraithe Óga Chorca Dhuibhne ag iarraidh Craobh Fiontraíochta na hEorpa a thabhairt leo

2 Iúil, 2024

nóiméad léite

JAI winners lined up cleaning window
Kate Ní Shúilleabháin, Katie Ní Éineacháin, Ríona Ní Ghealbháin, Oisín Ó Dubhda agus Cian Ó Gallchóir ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne

Tá cúigear fiontraithe óga ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne ag iomaíocht ar son na hÉireann ag an gComórtas Fiontraíochta is mó san Eoraip do fhiontraithe óga i gCatania na hIodáile an tseachtain seo chugainn. Is féidir le pobal na hÉireann cabhrú leo chomh maith trí vóta a chaitheamh ar líne dóibh anois.

Thug na daltaí ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne dúshlán na hiomaíochta leo ó na scórtha mionchuideachtaí meánscoile Gaeltacht  timpeall na tíre chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Comórtas Chomhlacht na Bliana de chuid Junior Achievement Europe lena dtáirgí glantacháin éiceabhách.

Is iad na fiontraithe óga Kate Ní Shúilleabháin, Katie Ní Éineacháin, Ríona Ní Ghealbháin, Oisín Ó Dubhda agus Cian Ó Gallchóir ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne sa Daingean, Co. Chiarraí a bhunaigh an mionchomhlacht meánscoile buacach, Glan Go Glas. Tabharfaidh siad aghaidh anois ar Chomórtas JA Europe Gen-E a bheidh ar siúl i gCatania, an tSicil ón 2 go 5 Iúil agus meastar go mbeidh thart ar 1,000 rannpháirtí ó gach cearn den Eoraip i láthair.

Reáchtáiltear an comórtas cáilithe in Éirinn i gcomhar le Junior Achievement Ireland agus clár fiontraíochta Údarás na Gaeltachta, Clár na gComhlachtaí, agus is é seo an séú huair a bhfuil deis ag foireann Éireannach a bheith páirteach ag leibhéal na hEorpa sa chomórtas.

Is mionchomhlacht í 'Glan go Glas' a chuireann ardtáirgí glantacháin ar fáil a thugann tús áite don fhreagracht chomhshaoil. Is é a misean ná réitigh nuálacha glantacháin a thairiscint atá neamhdhíobhálach don timpeallacht chun freastal ar an méadú ar an éileamh atá ar tháirgí tí glantacháin atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de.

Ó thosaigh siad ag táirgeadh, tá an-spéis tarraingthe ag an táirge. Throid fiontraithe Ghaeltacht Chiarraí in aghaidh freasúra chrua ó bhreis is 600 dalta idirbhliana ó scoileanna Gaeltachta i nDún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí chun buaicphointe chomórtas náisiúnta Chlár na gComhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta a bhaint amach i mí Aibreáin. Thug an craobh ceannais náisiúnta taithí luachmhar do Glan Go Glas iomaíocht in aghaidh tionscadail ardchaighdeáin eile agus d'éirigh leo iad ar fad a shárú bunaithe ar cháilíocht a smaointe gnó nuálacha agus ar a bhfeidhmíocht fhoriomlán ar an lá. Fuair an chuideachta rathúil Glan Go Glás meantóireacht óna múinteoirí i bPobalscoil Chorca Dhuibhne, a chuidigh leo a smaoineamh gnó a fhorbairt chomh maith le tacaíocht ó fheidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta agus Junior Achievement Ireland.

Gradam Rogha an Phobail

Tá Glan Go Glás incháilithe freisin don Ghradam Rogha an Phobail, a chinnfear trí vóta poiblí ar líne anseo https://expo.gen-e.eu/. Tá an vótáil oscailte anois ar feadh ré an chomórtais áit ar féidir leis an bpobal vótáil go luath agus go minic do na fiontraithe Ciarraíocha!

Le linn Chraobh Ceannais na hEorpa, cuirfidh Kate, Katie, Ríona, Oisín agus Cian a dtáirge, a gcuideachta, a ndul chun cinn agus a bpleananna i láthair na moltóirí agus na bhfiontraithe óga eile atá san iomaíocht ó bhallstáit eile an AE.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

"Tá Údarás na Gaeltachta bródúil as foireann den cháilíocht de Glan Go Glas a chur chun na hEorpa, ní hamháin chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn agus cruthaitheacht agus samhlaíocht na hÉireann a thaispeáint, ach freisin chun ionadaíocht a dhéanamh ar ár gceantair uathúla Ghaeltachta. Is spreagthach an rud é daoine óga agus fiontair den sórt sin a fheiceáil ag glacadh páirt i gClár na gComhlachtaí 2024 de chuid Údarás na Gaeltachta. Tugann a gcuid eolais agus díograis dá smaointe gnó le fios go bhfuil todhchaí na fiontraíochta sa Ghaeltacht slán sábháilte. Guímid gach rath ar Kate, Katie, Ríona, Oisín agus Cian agus ar gach duine i bPobalscoil Chorca Dhuibhne."

Dúirt Helen Raftery, POF Junior Achievement Ireland:

"Tá Clár na gComhlachtaí, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, tar éis ligean do 600 dalta atá ag freastal ar scoileanna i ngach ceantar Gaeltachta scileanna fiontraíochta a fhorbairt agus a chleachtadh i mbliana, a bheidh fíorluachmhar agus iad ag dul chun cinn ar scoil agus ina ngairmeacha beatha. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Údarás na Gaeltachta chomh maith le ceannairí inár scoileanna comhpháirtíochta agus meantóirí gnó, as na heispéiris foghlama seo a chur ar fáil do dhaltaí. Mar fhocal scoir, comhghairdeas le buaiteoirí Chlár na gComhlachtaí 2024 de chuid Údarás na Gaeltachta, Glan Go Glas ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, an Daingean, Co. Chiarraí. Déanfaidh an fhoireann ionadaíocht ar Éirinn ag Comórtas Comhlacht na Bliana de chuid JA Europe i gCatania, an tSicil an tseachtain seo chugainn, áit a mbuailfidh siad le fiontraithe daltaí ó 40 tír eile timpeall na hEorpa agus ina n-iomaíonn siad leo."