Údarás na Gaeltachta ag Tacú le Gnólachtaí Gaeltachta Forbairt Inbhuanaithe agus Dhigiteach a Chur Chun Cinn

1 Iúil, 2024

nóiméad léite

Man standing beside waterfall

Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta a fhógairt go bhfuil siad ag cur tacaíochtaí nua ar fáil do ghnólachtaí Gaeltachta chun cabhrú leo feabhsuithe digiteacha agus timpeallachta a chur i bhfeidhm. Cuirfear na tacaíochtaí seo ar fáil trí dhá chlár: ST3ER, atá dírithe ar ghnólachtaí turasóireachta, agus Data2Sustain, atá oscailte do gach earnáil.

Mar chuid den tionscnamh seo, tá Údarás na Gaeltachta ag tairiscint réamh-thacaíocht do ghnólachtaí chun cabhrú leo tríd seisiúin meantóireachta 1:1 le saineolaithe

Is é an aidhm atá leis an réamh-thacaíocht seo ná cabhrú le gnólachtaí a smaointe nuálaíocha a fhorbairt agus iarratais láidre a ullmhú do na cláir ST3ER agus Data2Sustain.

Dúirt urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta: "Tá an-áthas orainn an deis iontach seo a chur ar fáil do ghnólachtaí sa Ghaeltacht. Trínár dtacaíocht meantóireachta réamhiarratais, is féidir le gnólachtaí forbairt ceart a dhéanamh ar a smaointe gnó agus ullmhúcháin a dhéanamh ar iarratais rathúla faoi na cláracha tábhachtacha seo."

Tá Údarás na Gaeltachta anois ag lorg léirithe spéise ó ghnólachtaí Gaeltachta atá ag iarraidh leas a bhaint as an réamh-thacaíocht seo. Is féidir le gnólachtaí spéisiúla foirm léirithe spéise a líonadh [ar fáil anseo: https://udaras.ie/assets/uploads/2024/07/EOI-Foirm-reamh-thacaiochtai.docx] agus í a sheoladh ar ais chuig st3er@udaras.ie roimh an 31 Iúil 2024.

Tá tuilleadh eolais faoi na cláir ST3ER agus Data2Sustain ar fáil ag www.st3er.eu agus https://data2sustain.ie/.