Meamram Comhthuisceana sínithe idir Údarás na Gaeltachta agus Ollscoil na Gaillimhe maidir le forbairt leathan sa Ghaeltacht

27 Meitheamh, 2024

nóiméad léite

Síníonn Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, agus Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, Meabhrán Tuisceana sna Forbacha. Tá sé mar aidhm ag an gcomhaontú tionscnaimh forbartha a chothú sa Ghaeltacht trí chomhoibriú idir an dá institiúid.
Síníonn Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, agus Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, Meabhrán Tuisceana sna Forbacha. Tá sé mar aidhm ag an gcomhaontú tionscnaimh forbartha a chothú sa Ghaeltacht trí chomhoibriú idir an dá institiúid.

Inniu, shínigh Údarás na Gaeltachta agus Ollscoil na Gaillimhe Meamram Comhthuisceana a leagann amach pleananna chun comhoibriú ar réimse leathan gníomhaíochtaí forbartha ar fud na Gaeltachta. Beidh cúrsaí mara, inbhuanaitheachta, teanga agus nua-theicneolaíocht ar nós intleacht shaorga i measc na n-ábhar atá faoi scáth an mheamraim.

Ar cheann de na príomhthionscadail a bheidh mar chuid den chomhaontú seo, tá pleananna chun suíomh Ollscoil na Gaillimhe ar an gCrumpán, Carna a fhorbairt mar ionad taighde mara. Cuirfear tús leis le próiseas máistirphleanála in Iorras Aithneach go sonrach ag tarraingt ar acmhainní maoine an dá eagraíocht chun na féidearthachtaí maidir le háiseanna oideachais, tithíochta, lóistín agus tionsclaíochta a fhorbairt a chuirfidh le buanú agus bláthú na teanga sa cheantar sin, agus mar mhúnla do cheantair eile.

Beidh béim ar leith ar fhorbairt na teanga, úsáid na teicneolaíochta ar nós intleacht shaorga, an earnáil chruthaitheachta agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin ag tarraingt ar acmhainní na hOllscoile agus Údarás na Gaeltachta araon, idir mhaoin, fheidhmeanna fiontraíochta, oiliúna agus fostaíochta agus eolas acadúil agus sainiúil. Tá acmhainn maoine Údarás na Gaeltachta agus Ollscoil na Gaillimhe i nGaoth Dobhair agus i nGaeltacht Chonamara agus beidh deis na féidearthachtaí comhroinnte a scrúdú faoin meamram comhthuisceana seo. Beidh geallsealbhóirí ábhartha, ar nós Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Chontae Dhún na nGall, mar shampla, páirteach sa phróseas comhairliúcháin chomh maith.

Ag labhairt dó ag an ócáid shínithe, dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin,

 "Tá an-áthas orm go bhfuil an meamram comhthuisceana seo á shíniú le hOllscoil na Gaillimhe. Tá oidhreacht shaibhir ag Ollscoil na Gaillimhe ina gceannaireacht léinn agus forbartha, go háirithe i leith na Gaeilge agus beidh deis, faoin meamram comhthuisceana seo deiseanna comhroinnte a chíoradh agus a fhorbairt, i bpáirt le pobail Ghaoth Dobhair agus Chonamara chun an Ghaeilge a bhuanú agus a fhorbairt mar theanga pobail sa Ghaeltacht agus mar theanga oifigiúil na hÉireann agus ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontas Eorpaigh."  

Dúirt an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe,

"Táimid an-sásta an meamram seo a shíniú le hÚdarás na Gaeltachta. Léiríonn sé tiomantas na hOllscoile s’againne don Ghaeltacht agus don Ghaeilge. Táimid ag súil go mór le bheith ag obair i gcomhpháirt leis an Údarás ar thionscadail a chuirfidh le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta phobal na Gaeltachta, agus a chuirfidh ár saineolas taighde agus oideachais chun sochair na Gaeltachta chomh maith, ar son an phobail."  

Cuirfidh an fhorbairt ar an gCrumpán i gCarna in Iorras Aithneach deis ar fáil do Nua na Mara spás taighde, forbartha agus nuálaíochta a chur ar fáil chun tabhairt faoi obair san earnáil mhuirí. Beidh deis ag taighdeoirí agus fiontraithe na háiseanna a úsáid chun tionscadail nua a fhorbairt san earnáil mhuirí sa Ghaeltacht, rud a chuirfidh dlús faoin earnáil sa Ghaeltacht, sa réigiún agus ar fud na tíre.  Beidh an fhorbairt seo mar bhunchloch thábhachtach i bhforbairt uaillmhianach Pháirc na Mara i gCill Chiaráin.

Tá sé mar aidhm ag an dá eagraíocht leas a bhaint as a gcuid acmhainní talún agus maoine le chéile chun tionscadail phobail a chur chun cinn. Chomh maith leis sin, oibreoidh siad i gcomhar lena chéile ar thionscadail taighde, inbhuanaitheachta, cruthaitheachta agus fiontraíochta.

Léiríonn síniú an Mheamraim Chomhthuisceana seo tiomantas láidir Údarás na Gaeltachta agus Ollscoil na Gaillimhe d'fhorbairt inbhuanaithe agus do chruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, trí leas a bhaint as saineolas agus acmhainní an dá eagraíocht.

Teagmháíl do na Meáin | Media Contact:
Údarás na Gaeltachta: Kevin Ó Flatharta | Cumarsáide & Margaíochta | k.oflatharta@udaras.ie