Cathaoirleach Nua ar Bhord Údarás na Gaeltachta

26 Meitheamh, 2024

nóiméad léite

Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta go bhfuil Siobhán Ní Ghadhra ceaptha mar Chathaoirleach nua ar an eagraíocht. Tabharfaidh sí a saineolas fairsing mar fhiontraí, i gcúrsaí gnó agus in earnáil na meáin agus i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta chuig an ról. Cuirfidh a cuid taithí go mór le obair na h-eagraíochta ag tráth go bhfuil tús á chur le plean straitéise don dtréimhse amach romhainn 2025-2030.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta

"Cuirim fáilte mhór roimh cheapachán Shiobháin Ní Ghadhra mar Chathaoirleach nua Údarás na Gaeltachta. Táim ag tnúth le bheith ag obair go dlúth léi chun forbairt inbhuanaithe na Gaeltachta a chur chun cinn agus chun ár dteanga agus ár gcultúr a chaomhnú agus a neartú,"