Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh infheistíocht de €1.5 millíún i dtograí caitheamh aimsire faoin aer sa Ghaeltacht

5 Meitheamh, 2024

nóiméad léite

Scenic image of Co Mayo

Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh an infheistíocht atá fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, i dtograí caitheamh aimsire faoin aer sa Ghaeltacht.

Tá infheistíocht shuntasach i nGlasbhealaí, Gormbhealaí, Páirceanna Foraoise agus Bealaí Rothaíochta. Cuirfear bealaí siúlóide nua ar fáil den chéad uair mar aon le tionscadail a thacóidh le spóirt amuigh faoin aer ar nós cadhcála, bord snámha, snámh agus gníomhaíochtaí eile uisce.

I measc na dtograí tá:

·    Siúlán Bruach an Mhaoilín, Baile na Finne, Co. Dhún na nGall: €200,000

·    Siúlán Iarnróid Mhucais, Co. Dhún na nGall: €500,000

·    Ionad Pobail an Mháma – Carrchlós, Co. na Gaillimhe: €172,583

·    Linn Mhara Bhéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo: €295,974

·    Nasc le Páirc Ráth Chairn, Co. na Mí: €140,400

·    Feabhsúchán ag trí Thrá Bhratach Ghorm – Baile an Sceilg, An Bhanóg agus Ros Beirthe, Co. Chiarraí: €198,000

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh an tacaíocht leanúnach seo ón Roinn d'fhorbairt i dtograí caitheamh aimsire faoin aer sa Ghaeltacht. Cuirfidh na tograí seo go mór le forbairt na turasóireachta agus le folláine na bpobal áitiúil sna ceantair Ghaeltachta.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga:

"Is sampla maith í an infheistíocht atá fógartha ar na bealaí gur féidir tógáil ar an obair mhór atá déanta ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le na heagrais forbartha pobail Gaeltachta, ag cur chun cinn úsáid áiseanna nádúrtha ar mhaithe le deiseanna folláine don phobal áitiúil agus ar mhaithe le deiseanna turasóireachta a chur ar fáil do chuairteoirí chun na Gaeltachta."