Léiríonn taighde nua ar dhaonra na Gaeltachta go bhfuil líon na dteaghlaigh ag fás níos tapúla ná líon na dtithe

14 Bealtaine, 2024

nóiméad léite

Housing statistics and graph

LÉIRÍONN TAIGHDE NUA AR DHAONRA NA GAELTACHTA GO BHFUIL LÍON NA dTEAGHLAIGH AG FÁS NÍOS TAPÚLA NÁ LÍON NA dTITHE

Faoi lánchosc go dtí 7am Dé Máirt 14 Bealtaine 2024.

Tugann taighde nua ar thorthaí Dhaonáireamh 2022 a choimisiúnaigh Údarás na Gaeltachta léargas ar éileamh agus soláthar ar thithíocht sa Ghaeltacht. Is iad na príomh-thorthaí ná:

  • Tá an daonra agus líon na dteaghlaigh sa Ghaeltacht ag fás níos sciobtha ná líon na dtithe, rud a léiríonn go bhfuil ardú ag teacht ar an éileamh do thithíocht sa Ghaeltacht.
  • Tá níos mó na 5 oiread de thithe saoire sa Ghaeltacht mar sciar den stoc tithíochta iomlán ná mar atá sa tír iomlán. Tá an sciar is airde de thithe saoire le fail i nGaeltachtaí Chiarraí agus Dhún na nGall. Tá níos mó de 40% de na tithe sna Limistéir Pleanála Teanga Ciarraí Theas, Toraigh agus Tuaisceart Dhún na nGall ina dtithe saoire.
  • Tá an céatadán de thithe folmha sa Ghaeltacht (11%) níos airde ná an sciar náisiúnta (8%)
  • Is teaghlaigh ina bhfuil ar a laghad duine amháin de na páistí  fásta ina gcónaí sa mbaile an cineál teaghlaigh is coitianta sa Ghaeltacht.

Is é an Dr. Séin Ó Muineacháin, Eacnamaí a thug faoin obair seo níos luaithe i mbliana. Tá tuairisc chuimsitheach ar thorthaí na taighde sin á fhoilsiú inniu. Beidh tábhacht leis an taighde sonrach seo san obair atá ar bun ar bheartas thithíochta an Údaráis agus leis an gcás gnó a bheidh ag dul os comhair Bhord Údarás na Gaeltachta in am tráth.

Dúirt an Dr. Séin Ó Muineacháin 'Tá patrúin tithíochta sa Ghaeltachta difriúil ón tír ina iomlán. Is léir go bhfuil éileamh géar ar thithíocht sa Ghaeltacht. Cé go bhfuil líon na dtithe ag dul i méid, tá níos mó tithe saoire sa cheantar mar sciar den tithíocht iomlán ná mar atá ag an léibhéal náisiúnta agus tá céatadán níos airde de thithe atá folmha sa Ghaeltacht ná sa tír. Nuair a chuirtear seo i gcomthéacs dul in aois de chuid daonra na Gaeltachta, léiríonn sé tábhacht cheist na tithíochta don Ghaeltacht agus don Ghaeilge.'

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta “léiríonn torthaí na taighde seo go bhfuil gá tithíocht a chur ar fáil do dhaoine le cur futhu go buan sa Ghaeltacht agus go mbeidh tionchar ag an soláthar sin ar úsáid na Gaeilge mar theanga pobail agus éileamh ar líon na ndaltaí i scoileanna dá réir. Is léir ón taighde seo go mbeidh éileamh leanúnach ar thithíocht as seo go ceann tamall.”

Ag a gcruinniú ar an 15 Nollaig cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta €250,000 ar obair chomhairleoireachta agus ar thaighde i leith thithíocht a fhorbairt i gceantair Gaeltachta. Tá obair leanúnach ar bun ar thrí shuíomh mar chéad chéim do mhúnla inmharthana tithíochta a fhorbairt do cheantair Ghaeltachta. Tá próséis comhairliúcháin ar bun i gcónaí le geallshealbhóirí leasmhara agus tá an obair seo, agus an taighde seo mar chuid de, mar ábhar seasta ar chlár oibre Údarás na Gaeltachta ag cruinnithe an Bhoird.

Tá na féidearthachtaí maidir le trí shuíomh de chuid an Údaráis na Gaeltachta, á scrúdú faoi láthair:

  1. An Rinn, Co. Phort Láirge;
  2. An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe;
  3. Tithe Charraig a’tSeiscin, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.

Roghnaíodh na suíomhanna seo mar thoradh ar athbhreithniú atá déanta ag Údarás na Gaeltachta ar phunann maoine na h-eagraíochta. Tá comhráití ar bun le Comhairlí Contae áitiúla chomh maith le geallshealbhóirí ábhartha eile, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán agus an An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ina measc maidir le feidhmiú Beartas Tithíochta Údarás na Gaeltachta

Tá seoladh ríomhphoist ar leith bunaithe, tithiocht@udaras.ie, do dhaoine gur mian leo tuilleadh eolais a fháil ar an ábhar seo nó ar an trí shuíomh atá aitheanta sa chéim seo don togra: