Deis úrnua á thairiscint do bhreis is 150 bean Gaeltachta tús a chur lena n-aistir fiontraíochta leis an gclár CUMASÚ

3 Bealtaine, 2024

nóiméad léite

Seoladh Cumasú; Dara Calleary, TD, An tAire Stáit do Chur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí, , Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Orla Flynn, Uachtarán OTA agus foireann Údarás na Gaeltachta

Seoladh clár úrnua do bhanfhiontraithe Gaeltachta inniu (03/05/2024) a thabharfaidh spreagadh agus deis do 150 bean Gaeltachta, thar tréimhse trí bliana, tús a chur lena n-aistir fiontraíochta.

Tá an Clár CUMASÚ tionscnaithe agus maoinithe ag Údarás na Gaeltachta agus á reáchtáil ag Moil Nuálaíochta Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) agus Ionad Rubicon Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (OTM) i gcomhair leis an Údarás.

Is é seo an chéad uair a bhfuil clár dá leithid á sholáthar go náisiúnta sna ceantair Ghaeltachta go sonrach agus tá iarratais á lorg faoi láthair ó mhná óna ceantair Ghaeltachta sna 7 gContae Gaeltachta, Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge agus An Mhí.

Sheol Dara Calleary, TD, An tAire Stáit do Chur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí, an clár go hoifigiúil sa Spidéal i gConamara inniu i gcomhair le Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, an Dr. Orla Flynn, Uachtarán OTA agus an tOllamh Maggie Cusack, Uachtarán OTM.

Ag ócáid a bhí plódaithe le banfhiontraithe, lucht gnó, lucht oideachais agus eagraíochtaí forbartha fiontraíochta agus tuaithe tugadh léargas ar an bhféin fhorbairt agus foghlaim a bheidh ar fáil do rannpháirtithe an chúrsa.

Lena chois sin dfhreastal na sluaite ar an ócáid go fíorúil áit a raibh sruthú beo déanta trí ghréasán moil digiteacha gteic. Tionóladh ócáidí seolta agus cláraithe in ionaid gteic i mBéal Átha an Ghaorthaigh, Co. Chorcaí, i mBéal an Mhuirthead, Maigh Eo, i nGaoth Dobhair, Carraig Airt agus An Tearmann i nDún na nGall agus ar Inis Meáin i gCo. na Gaillimhe.

Beidh an gréasán gteic, greasán de mhoil nualaíochta agus digiteacha atá forbartha ag Údarás na Gaeltachta sna ceantair Ghaeltachta lárnach i seachadadh an chláir Cumasú áit a mbeidh deis ag na rannpháirtithe an cúrsa a chomhlíonadh in ionad gteic ina gceantar féin. Tá sár taithí ag Moil Nualaíochta OTA agus Ionad Rubicon (OTM) i seachadadh cláir fiontraíochta, go háirithe i bhfiontraíocht ban. Is é seo an chéad uair acu comhoibriú le chéile ar a leithéid de thionscnamh.

Ag seoladh an chláir dúirt Dara Calleary, TD, An tAire Stáit do Chur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí, “Tugann an Clár seo deis do mhná i gceantair tuaithe Gaeltachta deis a dtuairim gnó a fhorbairt go córasach agus tacaíochtaí a fháil ón OTA, OTM, Údarás na Gaeltachta agus óna gteic chun a gcuid pleananna a thabhairt chun críche.”

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Tá sé ríthábhachtach do Údarás na Gaeltachta deiseanna a chruthú do ghrúpaí tearc-ionadaithe san fhiontraíocht agus tá sé tábhachtach cinntiú go mbainfimid leas as an tallann nach mbaintear leas as i measc cuid mhór den daonra. Tá an clár Cumasú mar chéad chéim do bhanfhiontraithe agus tá an tÚdarás ag obair ar na céad céimeanna eile do na fiontraithe sin agus iad ag iarraidh smaointe úra a thabhairt chun beatha. Agus é sin á dhéanamh, is minic a réiteoidh sé seo fadhbanna ina bpobal, cruthóidh sé fostaíocht áitiúil, inbhuanaithe agus freisin le himeacht ama forbróidh sé cohórt a chruthóidh gnó le bheidh in ann tapú ar cuid den mhargadh domhanda.

Dúirt Orla Flynn, Uachtarán OTA,  “Tá lúcháir orm go bhfuil OTA ag dul i gcomhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta arís chun tacú le banfhiontraithe sna ceantair Ghaeltachta, ag tógáil ar ár gclár píolótach rathúil anuraidh. Is cúis áthais ar leith dom go bhfuil an Ionad Rubicon in OTM rannpháirteach sa chomhpháirtíocht i mbliana freisin agus nach strainséirí ar bith iad féin chun bheith ag tacú le banfhiontraithe. Le chéile beimid ag tacú le gach réigiún Gaeltachta in Éirinn, ar fud Dhún na nGall, na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Chiarraí, Chorcaí, Phort Láirge agus na Mí. Ní neart go cur le chéile!”

Ag an ócáid seolta, thug Clíona Standún, an tríú glúin dá chlann, faoin chaoi ar ghlac sí cúram ar a ngnó teaghlaigh in aois 26 agus atá á rith aici lena deirfiúr go ráthúil le ceithre bliana déag anuas. Fostaíonn Standún 25 duine anois agus tá sé aitheanta mar bhranda náisiúnta.

Dinis Tríona Nic Giolla Rí don slua gur bhunaigh sí a gnó Aró lena páirtnéir Alan Rowe in 1996. Oibríonn an comhlacht ar straitéisí dhigiteacha agus suíomhanna idirlín le tithe ósta ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta. Labhair sí faoin tacaíocht a fuair sí ó Údarás na Gaeltachta agus mar atá an gnó fásta agus forbartha acu agus os cionn 35 duine fostaithe acu i gContae na Gaillimhe.

Ag léiriú tairbhe phraiticiúil an chláir Cumasú, roinn cúigear bunaitheoir gnó ó chlár phíolótach na bliana seo caite cuntas ar an eispéireas a fuair siad – Margaret Leahy, Fable Tours, Siobhán Leahy ó White Rose Creations, Elaine Dunne ó Gifts le Grá, Letitita Hill (Ealaíontóir agus Déantóir Seodra) agus Emily Lavelle (Bia Éireannach agus Eispéireas Chultúrtha). Chur na fiontraithe ban seo a gcuid smaointe gnó i láthair go paiteanta do gach a raibh i láthair.

Deir Maria Staunton, EMPOWER in OTA, “Anuraidh ritheamar an Clár EMPOWER Cumasú agus bhí 13 mná páirteach sa Chlár Cumasú TÚS. De bharr go raibh an-rath ar an gclár sin tugadh an clár EMPOWER Cumasú chuig ceantair níos leithne sna Gaeltachtaí ar fud na hÉireann. Táimid ag súil le breis agus 150 bean a mhealladh chuig an gClár EMPOWER Cumasú thar na 3 bliana amach romhainn. Táimid ag tnúth le dul i gcomhpháirtíocht freisin le Lárionad Rubicon in OTM i gCorcaigh agus breathnú ar níos mó gnólachtaí mná ag forbairt agus ag fás inár réigiúin tuaithe. Tá sé iontach an tacaíocht a fheiceáil atá curtha ar fáil ag gnólachtaí mná atá lonnaithe sna ceantair Ghaeltachta cheana fhéin. Tá tábhacht ar leith ag baint le eiseamláir mar chuid den chúrsa seo agus tá seo forbartha go maith le seacht mbliana anuas tríd an clár EMPOWER’.

Iarrtar ar mhná Gaeltachta nó iad siúd atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus gur mian leo gnó a bhunú nó a fhorbairt dul chuig www.empowerprogramme.ie chun iarratas a dhéanamh ar an gclár. Tá spásanna teoranta agus níor mhór clárú  go luath chun áit a chinntiú. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le ATU iHub Mayo ag empower.galwaymayo@atu.ie nó féach ar suíomh www.empowerprogramme.ie