SOLAS: Scéalta an Atlantaigh – Oscailt Oifigiúil don Mol Turasóireachta agus Eispéireas Cuairteoirí nua ar an Eachléim, Co. Mhaigh Eo

1 Bealtaine, 2024

nóiméad léite

Ministers Heather Humphreys, Dara Calleary and Alan Dillon along with T.D. Michael Ring at the official opening of the SOLAS tourist hub in Mayo
Ministers Heather Humphreys, Dara Calleary and Alan Dillon along with T.D. Michael Ring at the official opening of the SOLAS tourist hub in Mayo

D’oscail an tÁire Heather Humphreys an mol nua turasóireachta agus eispéireas cuairteoirí SOLAS go foirmiúil inniu i gceantar Gaeltachta Eachléim, ag bun Leithinis an Mhuirthead in Iarthuaisceart Mhaigh Eo.  Foghlaimeoidh cuairteoirí faoi Leithinis an Mhuirthead agus na hoileáin amach ón gcósta agus cloisfidh siad scéalta faoi saol an phobal ar an chósta ar imeall an Atlantaigh.  Beidh cuairteoirí in ann dul i ngleic le stair agus cultúr an cheantair sa thrí ghailearaí. Cloisfidh siad scéalta faoin diaspóra an cheantair. Foghlaimeoidh siad faoin saol muintir na hoileáin Inis Gé agus faoin gcaoi ar athlonnaíodh na hoileánaigh ar an mórthír tar éis stoirm mhóir millteach a mharaigh 12 iascairí ón oileáin. Gheobhaidh siad amach faoin saol coimeádaithe na tithe solais agus ansin, mar chuid den chuairt, beidh said in ann cuairt a thabhairt ar teach solais ina steillbheatha, Teach Solais an Fhóid Dhuibh.  Foghlaimeoidh siad faoi fíochmhar an aigéin Atlantaigh ar leac an dorais acu, agus foghlaimeoidh siad faoin iascaireacht agus faoi longa báite agus na bhfoghlaithe mara a chuaigh i mbun a gcuid trádála ar chósta fiáin an Atlantaigh. Foghlaimeoidh siad freisin faoin mbithéagsúlacht shaibhir agus neamhchoitianta ar Leithinis an Mhuirthead agus na farraigí mórthimpeall air, agus faoin gcaoi a bhfuil an ceantar anois ina sheod uathúil ar oileán na hÉireann maidir le héanlaith, beatha na farraige, flóra agus fána.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta  “Tá toradh obair chrua an phobail le feiceáil inniu agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár gcomhpháirtithe go léir a chabhraigh leis an tionscadal seo a chur i gcrích.”

Cuirfidh SOLAS raon seirbhísí ar fáil do chuairteoirí lena n-áirítear Taispeántas Gaeltachta inar féidir le cuairteoirí féachaint ar dhéantóirí aitiúla i mbun oibre, agus táirgí a bhrabhsáil agus a cheannach ón gceantar Gaeltachta áitiúil chomh maith le ceantair Ghaeltachta níos faide i gcéin. Cuirfidh an Mol seirbhís faisnéise turasóireachta ar fáil freisin do chuairteoirí chomh maith le áiseanna caife le suíocháin laistigh agus lasmuigh.

Thosaigh SOLAS amach i measc pobal áitiúil a bhí ag iarraidh ceiliúradh a dhéanamh agus léirmhíniú a thabhairt ar stair agus ar chultúr an Fhóid Duibh agus leithinis Bhéal an Mhuirthead.  D’oibrigh Údarás na Gaeltachta i ndlúthchomhar le Comharchumann Deirbhile chun coincheapa agus iarratais ar mhaoiniú a fhorbairt le haghaidh Áras Scéalta an Atlantaigh. Á bhainistiú ag Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile, beidh SOLAS mar áis turasóireachta straitéiseach ar shlí an Atlantaigh Fhiáin i gcroí-lár Ghaeltacht Mhaigh Eo Thuaidh agus mar phríomhionad treoraithe ag cuairteoirí ar Leithinis Iorrais, áit a bhfaighidh siad gach eolas ar oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha an cheantair. Tá costas de €4 milliún luaite leis an togra SOLAS in iomláine le maoiniú €2.47m ceadaithe faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe, €0.5m ó Roinn na Gaeltachta agus €1m ó Údarás na Gaeltachta.  Fuair ​​an togra tacaíocht freisin ó Choimisinéirí Soilse na hÉireann agus ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo i gcomhair Teach Solais an Fhóid Dhuibh atá mar bhall de ‘Great Lighthouse's of Ireland’ (GLI Network).  Fuair CFID tacaíocht ón scéim CSP chun bainisteoir agus thriúr foireann a earcú agus tá an togra ag fáil tacaíocht uaidh Mayo Northeast LEADER agus Fáilte Éireann i gcomhair margaíocht.