Ráiteas Deireadh Bliana 2023

Méadú ar an bhfostaíocht sa Ghaeltacht agus seasmhacht á léiriú ag comhlachtaí Gaeltachta.

30 Eanáir, 2024

nóiméad léite

  • 1,075 post nua cruthaithe sa nGaeltacht in 2023 
  • Glanmhéadú de 303 post i 2023 
  • 9,526 post i gcliantchomhlachtaí ag deireadh na bliana 
  • Ardú ar an leibhéal fostaíochta i 6 chontae Gaeltachta  
  • 359 post nua ceadaithe ag bord Údarás na Gaeltachta 
  • Níos mó ná €1bn de dhíolachán sa mbliain ag cliantchomhlachtaí an Údaráis. 
  • €35.48m i soláthar caipitil ceadaithe d’fhorbairt infreastruchtúr gnó na Gaeltachta 
  • Pleananna Teanga i 28 Limistéir Pleanála Teanga & Bailte Seirbhíse Gaeltachta á gcur i bhfeidhm le buiséad €3.9m  
  • Maoiniú reáchtála de €4.3m curtha ar fáil do 35 eagras forbartha pobail  
  • gteic - 27 mol digiteach oscailte, 4 mhol á bhforbairt agus os cionn 470 duine ag obair iontu   

 

 

Fiontar agus Fostaíocht 

Bhí 303 duine sa bhreis fostaithe i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta ag deireadh 2023 ná mar a bhí ag deireadh 2022. D’fhág sé sin go raibh 9,526 duine fostaithe ina iomláine i gcliantchomhlachtaí ag deireadh na bliana. Tá an t-ardú sin suntasach i gcomhthéacs bliana a bhí corraitheach go maith go hidirnáisiúnta agus arduithe ar rátaí úis, rátaí arda boilscithe agus lorg na paindéime i measc dúshláin go leor do chliantchomhlachtaí. Ainneoin sin, bhí níos mó ná €1 míle milliún de dhíolachán ag cliantchomhlachtaí an Údaráis. 

Tháinig ardú ar fhostaíocht i ngach contae Gaeltachta - Gaillimh, Maigh Eo, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí - seachas Dún na nGall, áit a raibh an fhostaíocht seasmhach; titim 1% a bhí ar líon na ndaoine a bhí fostaithe i gcliantchomhlachtaí.  

 

Bhí Co. Mhaigh Eo seasmhach freisin le hardú 1%. Ardú 3% a bhí ar fhostaíocht i gCiarraí agus ardú 5% nó 168 bpost sa bhreis a bhí i nGaeltacht na Gaillimhe. Bhí ardú 8% ar fhostaíocht i gContae na Mí agus i gContae Chorcaí, ach ba i gContae Phort Láirge a bhí an fás ba mhó, bunaithe ar líon na ndaoine fostaithe, ardú 27% nó 56 post idir an Rinn agus an Seanphobal. 

 

Pleanáil Teanga 

Tá obair mhór déanta ó thaobh na Pleanála Teanga agus ag tús na bliana 2024 bhí 28 bplean teanga i bhfeidhm, 26 Limistéar Pleanála Teanga agus dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta san áireamh á mhaoiniú ag allúntas buiséid do €3.9m. Anuas air sin, tugtar le fios i dtaighde nua faoi úsáid na Gaeilge sna cliantchomhlachtaí go bhfuil Gaeilge ag 58% de na daoine atá ag obair iontu, bunaithe ar shuirbhé a rinneadh ar bheagnach 800 fostaí. Beidh torthaí an taighde sin mar bhunchloch do scéim phíolótach i leith na Gaeilge sna cliantchomhlachtaí in 2024. 

 

Forbairt Pobail 

Tá pobail na Gaeltachta ar thús cadhnaíochta sa nuálaíocht cheana féin. Cuireadh maoiniú €4.3m ar fáil do 35 eagras forbartha pobail. As na heagrais sin, cuireadh 70 iarratas ó fud fad na Gaeltachta faoi bhráid mholtóirí Ghradaim na Gaeltachta, gradaim a tionóladh den chéad uair i mbliana. Tá na pobail sin, le tacaíocht an Údaráis ag cothú na nuálaíochta agus ag sealbhú na teanga ag an am céanna, i gcatagóirí éagsúla ar nós na turasóireachta, na timpeallachta, seirbhísí sóisialta pobail, diaspóra agus na hóige. 

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:  

"Is léiriú iad na torthaí seo ar ról an Údaráis i saol na Gaeltachta agus saol na tíre dá réir. Tá soláthar caipitil do athchóiriú agus forbairt infreastruchtúir gnó do €35.48m infheistithe ag Údarás na Gaeltachta le linn 2023. Beidh an infheistíocht sin mar ardán do thodchaí agus forbairt na Gaeltachta amach anseo, áit ina mbeidh an Ghaeilge á labhairt mar theanga pobail ar bhonn laethiúil. 

 

Beidh béim ar leith i 2024 ar an aos óg, in iarracht sealbhú teanga, cruthú deiseanna agus seirbhísí digiteacha, oiliúna agus traenála. Beidh tionchar nach beag ag athrú aeráide ar an ghlúin sin agus na deiseanna a thiocfaidh le forbairt na h-earnála fuinnimh inathnuaite ar thalamh agus ar muir. Beidh ról ag tithíocht ann chomh maith agus deis a chruthú sna blianta amach romhainn dóibh siúd go dteastaíonn uathu filleadh ar an Ghaeltacht nó bogadh chun na Gaeltachta agus tá tús curtha cheana féin leis an obair thaighde ar éileamh agus soláthar thithíochta agus seirbhísí dá réir i gceantar Gaeltachta."  

 

Dúirt Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireacht, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán: 

“In ainneoin na ndúshlán is léir go bhfuil tionchar dearfach á imirt ag clár oibre an Údaráis ar ghnóthaí sa Ghaeltacht mar a bhaineann sé cúrsaí fiontraíochta agus fostaíochta – gan trácht ar na réimsí eile oibre atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta le cúnamh ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus an Státchiste trí chéile. Cuirim fáilte roimh na torthaí dearfacha atá le sonrú sa Ráiteas Deireadh Bliana.” 

 

Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta, Patrick O' Donovan, T.D.: 

“Is ábhar dóchais an fás agus an fhorbairt atá le sonrú in ábhar an Ráitis seo. Táim ag tnúth le bheith ag obair le hÚdarás na Gaeltachta agus le heagraíochtaí Gaeltachta agus Gaeilge mar Aire Stáit don Ghaeltacht sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán sa tréimhse atá amach romhainn.” 

 

 

 

 

Nóta do eagarthóirí: 

Táthar ag tuairisciú na bhfigiúirí fostaíochta ag úsáid modheolaíochta atá molta ag an Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta. Faoin modheolaíocht seo, rangaítear an fhostaíocht de réir dhá chatagóir: poist lánaimseartha agus eile. Seo an mhodheolaíocht chéanna atá á húsáid ag gníomhaireachtaí forbartha agus fiontraíochta eile m.sh. Fiontraíocht Éireann. Tá an glanmhéadú 303 post bunaithe ar chomparáid dhíreach a dhéanamh idir líon na bhfostaithe faoin modheolaíocht nua in 2023 agus in 2022. 

 

Nasc chuig an Ráiteas Deireadh Bliana https://udaras.ie/assets/uploads/2024/01/Raiteas-Deireadh-Bliana-2023-GA-v03.pdf 

 

 

Tuilleadh Eolais: Rannóg Cumarsáide (091) 503 100 

 

eolas@udaras.ie  

 

—— 

Údarás na Gaeltachta 

 

Na Forbacha, Co. na Gaillimhe, H91 TY22 

 

—— 

T +353 (91) 503 100  

www.udaras.ie