Bronnadh Gradaim na Gaeltachta 2023

Ard-oíche ag ócáid bhronnta Ghradaim na Gaeltachta aréir - 6 nduais bronnta agus obair eagraíochtaí pobail agus coistí deonacha á ceiliúradh

1 Nollaig, 2023

nóiméad léite

Aréir in Óstán Chois Fharraige i gConamara, bhailigh ionadaithe ó eagraíochtaí agus coistí pobail i ngach ceard den Ghaeltacht le chéile do bhronnadh Ghradaim na Gaeltachta, chomórtas náisiúnta do thograí pobalbhunaithe,  a bunaíodh le léargas a thabhairt ar an obair mhór atá á déanamh ag eagraíochtaí forbartha pobail sa nGaeltacht agus le haitheantas a thabhairt do na tograí fiúntacha agus suimiúla atá á gcur chun cinn ar fud na Gaeltachta.

 

Bronnadh gradaim i gcatagóirí éagsúla a bhain le forbairt pobail agus teanga sa Ghaeltacht: ina measc, turasóireacht, timpeallacht, seirbhísí sóisialta pobail, diaspóra agus an óige. Bronnadh trófaí agus €3,500 ar an gcéad áit agus bhí trófaí agus €1,500 ag an togra a tháinig sa dara háit.

 

Bronnadh Gradam freisin ar an togra a b’fhearr ó choiste pobail deonach. I mí na Samhna a fógraíodh buaiteoirí réigiúnacha don chomórtas seo sna trí réigiún Ghaeltachta, Connacht/Laighean, Mumhan agus Uladh. Fuair na buaiteoirí trófaí agus €1,000 agus bhí na trí choiste a roghnaíodh - Comharchumann Dhún Chaoin; Muileann Coirce CTR agus Cumann Forbartha Chois Fharraige – san iomaíocht don mhór-ghradam náisiúnta do thogra ó choiste pobail deonach, le trófaí agus duais airgid €3,500.

 

B’iad seo a leanas na buaiteoirí aréir:

  1. Gradam Turasóireachta na Gaeltachta: Ionad Cois Locha, Dún Lúiche

Dara hÁit: Comharchumann Oileán Árainn Mhór (Bealach Gorm Árainn Mhór)

  1. Gradam Gaeltacht Ghlas: LAN Cill Ulta, Dún na nGall (Seirbhís Bia do dhaoine faoi míbhuntáiste)

Dara hÁit: Coiste Bhaile Slachtmhar Bhéal an Mhuirthead (Dúlra & Dúchas)

  1. Gradam Diaspóra na Gaeltachta: Ionad Cuimhneacháin na nImirceach(Lár Ionad Diaspóra na Gaeltachta)

Dara hÁit: Comharchumann na nOileán Bheaga (Glórtha Ghabhla)

  1. Gradam Seirbhísí Sóisialta na Gaeltachta: Coiste Forbartha Dhobhair Teo.

Dara hÁit: Comharchumann Forbartha Árann (Páirc Phoiblí an Oileáin)

  1. Gradam Glúin Z na Gaeltachta: Ceoltóirí Óga Chois Fharraige (Taisce Chois Fharraige)

Dara hÁit: Aistear na nGael, Coláistí Chorca Dhuibhne

  1. Comharchumann Dhún Chaoina bhuaigh an Gradam do Choistí Pobail deonacha.

 

Bhí aird ar leith sa bpróiseas moltóireachta ar chúrsaí teanga agus ar chumas na dtograí an Ghaeilge a neartú agus a chur chun cinn.

 

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Thug líon agus caighdeán na n-iarratas do na gradaim seo ardú croí dúinn – agus is gcásanna áirithe ba dheacair togra amháin a roghnú as scoth na dtograí a tháinig os comhair an phainéil moltóireachta. Tá muid an-sásta go raibh muid in ann an deis seo a chur ar fáil le obair na n-eagraíochtaí agus na coistí deonacha a cheiliúradh. Tá Údarás na Gaeltachta ag iarraidh tacú leis an obair sin agus lámh chúnta a thabhairt do na pobail Ghaeltachta a dtograí suimiúla nuálacha a chur chun cinn. Ni neart go cur le chéile. “