Seisiún Eolais Faoi Ionad Oideachas & Óige

Seisiún Eolais Poiblí le Reáchtáil i Seanscoil Shailearna faoi fhorbairt Ionaid Oideachais agus Óige in Indreabhán

30 Samhain, 2023

nóiméad léite

Beidh Údarás na Gaeltachta ag reáchtáil seisiún eolais don phobal i Seanscoil Shailearna in Indreabhán ar an Luan an 4 Nollaig, chun iad a chur ar an eolas faoi na pleananna d’fhorbairt Ionad Oideachais agus Óige in Indreabhán, Conamara.

 

I mí Feabhra na bliana seo, cheadaigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán €314,280 le go bhféadfadh an tÚdarás dearadh a dhéanamh ar an Ionad agus iarratas pleanála a ullmhú.  Tá dréacht-dhearadh den ionad nua réitithe anois agus tá sé i gceist an dearadh sin a chur ar taispeáint don phobal ar an Luan. Táthar ag súil go mbeifear faoi réir le hiarratas pleanála a chur faoi bhráid an údaráis áitiúil go luath san athbhliain.

 

Ón 5.30 ar aghaidh, beidh deis ag an bpobal físeáin agus léaráidí den Ionad a fheiceáil. Ag 6.30in, beidh cur i láthair ó Phríomh Fheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, agus beidh feidhmeannaigh eile de chuid an Údaráis i láthair chomh maith idir sin agus 7.30in. le ceisteanna a fhreagairt.

 

Beidh an t-ionad ilfheidhmeach seo á bhainistiú ag Údarás na Gaeltachta agus á úsáid ar mhaithe le cúrsaí oideachais agus oiliúna a chur ar fáil i réimse leathan earnálacha. San áireamh anseo beidh oiliúint a bhaineann leis an réimse teanga, closamharc, oideachas agus an teicneolaíocht. Sa bhreis ar sin beidh béim faoi leith ar chúrsaí óige agus freastal á dhéanamh ar ghlúin óg dheisceart Chonamara.  Is mar choláiste Gaeilge a bheidh t-ionad á úsáid le linn tréimhse an tsamhraidh.

 

Tá fáilte roimh chách ag an ócáid.