Fógra Comhoibrithe le Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde

Fógra Comhoibrithe déanta ag Údarás na Gaeltachta agus Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde

28 Samhain, 2023

nóiméad léite

Inniu a fógraíodh go bhfuil Meabhrán Tuisceana comhaontaithe ag Údarás na Gaeltachta agus Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde chun an comhoibriú eatarthu a mharcáil go foirmeálta agus an caidrimh oibre eatarthu a neartú

Síníodh an Meamram Tuisceana ag Fóram Gaoithe Eirchósta Third Enterprise i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath, a d’oscail Simon Coveney, T.D., an tAire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta.

Tagann an Meamram Tuisceana seo tar éis bhronnadh conradh ar Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde sa gcéad cheant faoin scéim tacaíochta leictreachas inathnuaite eischósta.

Tá béim láidir i Straitéis 5 Bhliana Údarás na Gaeltachta ar an inbhuanaitheacht agus tá straitéis An Ghaeltacht Ghlas de chuid Údarás na Gaeltachta dírithe ar an athrú aeráide, an eacnamaíocht ghlas, an geilleagar gorm agus an eacnamaíocht shóisialta.

 

Maraon le Polasaí Forbartha Tuaithe na hÉireann 2021-2025, féachfaidh an Meamram Tuisceana seo le hinfheistíocht, forbairt eacnamúil agus deiseanna fostaíochta a chruthú i gceantar Chonamara. Tá infheistíocht €1 milliún déanta go háitiúil cheana féin, mar thoradh ar fhorbairt an togra.

Faoin socrú seo, tá comhaontú déanta ag Údarás na Gaeltachta agus ag Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde maidir leis na hábhair seo a leanas:

  • Go mbunófar agus go dtacófar le deiseanna oideachais agus oiliúna sa nGaeltacht, chun fórsa saothair oilte a sholáthar a bheas inniúil ar fhorbairt thograí fuinnimh eischósta
  • Go bhfiosrófar rólanna agus freagrachtaí riarthóir an Chiste Leasa Pobail ORESS1
  • Go n-oibreoidh an dá pháirtí as lámh a chéile, ar mhaithe le bunáit d’oibríochtaí agus cothabháil an togra a lonnú i Ros an Mhíl i nGaeltacht Chonamara

Ag labhairt ag an ócáid inniu, chuir an tAire Coveney fáilte roimh shíniú an mheamraim:

“Is maith an rud é an earnáil stáit, mar atá Údarás na Gaeltachta, a fheiceáil ag oibriú go dlúth le comhlachtaí san earnáil phríobháideach, ar nós Corio Generation agus tá lúcháir orm go bhfuil Meamram Tuisceana á shíniú anseo inniu chun an caidreamh leanúnach sin a neartú agus bonn foirmeálta a chur leis an gcomhoibriú. D’fhéadfadh togra Charraigeacha Sceirde a bheith ar an infheistíocht infreastruchtúir is mó dár facthas riamh i gConamara. Bheadh ar a chumas fostaíocht san eacnamaíocht ghlas a thabhairt chuig an réigiún, chomh maith le bheith go mór chun leasa an phobail áitiúil. Beidh tairbhe leis an Meamram Tuisceana seo don Údarás, do Corio agus do phobal áitiúil Chonamara.”

 

Ag labhairt ag síniú an Mheamraim Tuisceana, dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

"Cuirimid failte roimh fhorbairt na hearnála fuinnimh inathuaite i nGaeltacht Chonamara, earnáil a bheas an-tábhachtach do iarthar na hÉireann sna blianta le teacht. Tá sé tábhachtach go mbeidh na deiseanna oiliúna ag an bpobal Gaeltachta, chun go mbeidh siad ábalta leas iomlán a bhaint as na buntáistí fostaíochta agus eacnamúla a bhainfidh le forbairt na tionscal. Mar thoradh ar an Meamram Tuisceana seo idir Údarás na Gaeltachta agus Corio, beidh tuiscint níos fearr ag an dá pháirtí ar na riachtanais éagsúla infreastruchtúir agus scileanna, go mbeidh an pobal áitiúil in ann an luach is fearr a fháil as an earnáil gaoithe eischósta. Beidh muid ag obair as lámh a chéile chun a chinntiú go mbeidh forbairt an fhuinnimh inathnuaite i gConamara chun leasa an phobail ar gach bealach.”

 

Dúirt Seamus McCabe, Stiúrthóir Sinsearach Forbartha le Corio Generation:

“Tá ceantair tuaithe na hÉireann ag tacú le raon leathan fiontar agus tá dúshláin ar leith ag pobail iargúlta cois cósta, maidir le infreastruchtúr agus athrú aeráide, chomh maith le bánú pobail. Tá sé rí-thábhachtach go ndéanfadh muid infheistíocht sa gcéad ghlúin eile agus beidh deiseanna fostaíochta iontacha i gConamara ag eascairt as an ngaoth eischósta. Tá súil againn, tríd ár bpáirtnéireacht leis an Údarás, go mbeidh muid in ann na daoine óga a chumasú ina bpobail féin, agus go mbeidh muid in ann na scileanna agus an oiliúint a theastaíonn a chur ar fáil dóibh, le go mbeidh siad in ann buntáiste a bhaint as na postanna a thiocfaidh as an infheistíocht sa bhfuinneamh inathnuaite.”

 

Faoi thogra Charraigeacha Sceirde

I mí Bealtaine 2023, dhearbhaigh stiúrthóir an ghréasáin fuinnimh in Éirinn, Eirgrid, agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, go raibh Carraigeacha Sceirde ar cheann de cheithre fheirm gaoithe ar éirigh leo, faoin gcéad Sceim Tacaíochta don Leictreachas Inathnuaite (ORESS1). Beidh ar chumas na ceithre thogra seo 3GW cumhachta a sholáthar.

Beidh an togra 450 MW Carraigeach Sceirde ag giniúint fuinnimh glan, glas, agus ar féidir brath air. Cuirfidh sé soláthar cinnte agus inacmhainne ar fáil do bhreis agus 350,000 teach cónaithe ar fud na tíre. Tá an togra ag tacú le spriocanna na hÉireann faoin bplean aeráide 20222. Sa bhfadthéarma, beidh an togra ag cur deiseanna fostaíochta, forbairt eacnamúil, agus deiseanna gnó ar fáil go háitiúil.

Is comhlacht de chuid Green Investment Group, Macquarie Asset Management atá i Corio Generation, arna fheidhmiú tríd an gcomhlacht Éireannach agus Gaeltachta Fuinneamh Sceirde Teoranta (FST). Is comhfhiontar é FST, ar le Corio agus an t-infheisteoir idirnáisiúnta infreastruchtúir Ontario Teachers’ Pension Plan é.

Faoi Údarás na Gaeltachta

Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo, le cois í a thabhairt mar oidhreacht don chéad ghlúin eile, an bunchuspóir atá le polasaí Údarás na Gaeltachta. Déanann an tÚdarás gach iarracht an cuspóir seo a bhaint amach trí fhorbairt fiontraíochta agus tionscnaimh chruthaithe fostaíochta a chothú agus a mhaoiniú, chomh maith le tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí pobail, cultúrtha agus teangabhunaithe.