Maoiniú de €58m faoi Chiste DTIF

Ionadaíocht láidir ag comhlachtaí i nGaeltacht na Gaillimhe sna tograí ardtheicneolaíochta a fuair maoiniú de €58m faoi chiste DTIF

23 Samhain, 2023

nóiméad léite

15/11/2023 UDARÁS, Connemara drone HDR .Photo:Andrew Downes,XPOSURE

Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh an bhfógra go bhfuil trí cinn de chliaint chomhlachtaí an Údaráis - Eirecomposites, Déantúsaíocht Sláinte HiTech agus InverMed  - ag fáil sciar den chiste DTIF do theicneolaíochtaí bun-athraitheacha.

Ar maidin inniu a d’fhógair an tAire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta, Simon Coveney T.D., an tAire do Ard agus Breis Oideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíochta, Simon Harris, T.D. agus an tAire Stáit do Chur chun Cinn Trádála, Digiteach agus Rialaithe Comhlachta, Dara Calleary T.D. , allúntas €58.8 milliún do thograí faoin gCiste do Theicneolaíocht Bhunathraitheach agus Nuálaíocht (DTIF).

Is ciste maoinithe é seo a thacaíonn le infheistíocht i dteicneolaíochtaí athraitheacha agus ina bhforbairt le gur féidir iad a úsáid ar bhonn tráchtála.

Fógraíodh maoiniú inniu do 12 togra agus tá comhlachtaí as deisceart Chonamara mar pháirtnéirí in gceithre cinn de na tograí sin.

 

Tá Eirecomposites, atá lonnaithe in Indreabhán, mar pháirtnéir sa togra NSPCCA, atá ag forbairt modhanna cumarsáide agus satailítí sa spás, i gcomhpháirt le hOllscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, an comhlacht Mbryonics i nGaillimh agus páirtithe eile. Tá maoiniú de bheagnach €8 milliún fógartha dóibh inniu.

Tá Eirecomposites mar pháirtí freisin sa togra Digi-Stent, a bhfuil maoiniú de €4 mhilliún faighte aige, chun feistí leighis digiteacha a chruthú, i gcomhair le hOllscoil na Gaillimhe agus Microfocus Galway Ltd.

Tá €6.5m faighte ag an gcomhlacht Déantúsaíocht Sláinte HiTech, chun forbairt a dhéanamh ar CellConnect, togra a bhailíonn sonraí faoi chealla ón gcéad nóiméad a gcruthaítear iad; tá an comhlacht seo, atá lonnaithe ar Pháirc Ghnó na Tulaigh, mar pháirtnéir sa togra le hOllscoil na Gaillimhe agus le comhlacht i gCill Dara, Odyssey Validation Consultants Ltd.

Tá €4 milliún faighte freisin ag an togra leighis Selio System, a bhfuil Inver Med, atá lonnaithe in Indreabhán páirteach ann, i gcomhpháirt le Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Luimnigh agus Selio Medical Ltd.

 

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Is iontach an scéal é seo do na comhlachtaí atá páirteach sna tograí a fuair maoiniú inniu agus is díol bróid don Údarás go bhfuil comhlacht as Gaeltacht Chonamara páirteach san tríú cuid de na tograí a fuair maoiniú inniu."

 

“Is éacht é do na comhlachtaí féin agus éacht don cheantar beag Gaeltachta seo. Is cruthúnas é freisin gur féidir le comhlachtaí i gceantair Gaeltachta a bheith chomh maith le comhlachtaí in aon áit eile sa tír nó ar fud na cruinne, má bhíonn béim acu ar an nuálaíocht, ar an taighde agus ar an bhforbairt leanúnach.”

 

“Déanann muid comhghairdeachas ó chroí le Eirecomposites, le InverMed agus le Déantúsaíocht Sláinte HiTech.  Is í an aidhm atá againn, go mbeadh an Ghaeltacht ceannródaíoch i gcúrsaí nuálaíochta agus cruthaitheachta. Tá mé cinnte go bhfuil comhlachtaí eile ag teacht chun cinn ar fud na Gaeltachta atá chomh cruthaitheach agus chomh nuálaíoch céanna leis na comhlachtaí atá ag fáil aitheantais inniu, agus beidh muidne in Údarás na Gaeltachta faoi réir le cabhrú leo. “