Maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail do thograí Gaeltachta

Fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh mhaoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail do thograí Gaeltachta

21 Samhain, 2023

nóiméad léite

Chaosheng Zhang

Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh fhógra an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys go bhfuil maoiniú ceadaithe do raon tograí Gaeltachta do áiseanna caithimh aimsire amuigh faoin aer. Ceadaíodh inniu dhá iarratas a rinne Údarás na Gaeltachta ar thograí san iarthar faoin scéim ORIS, is iad sin:

  • Fad a chur le Lúibín Gharumna, bealach siúlóide ar Shlí Chonamara sna hOileáin i gConamara. Beidh sé seo a dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le Comhairle Ceantar na nOileán
  • Forbairt Chois Caoláire, siúlóid cois cósta sa Spidéal. Beidh an tÚdarás i gcomhpháirt le Comhlacht Forbartha an Spidéil, ag tabhairt an togra seo chun críche.

 

Tá dhá thogra Gaeltachta ceadaithe freisin a thagann faoi scáth na gcomhairlí áitiúla; beidh Comhairle Contae Dhún na nGall ag déanamh breis forbartha ar Eastáit Baile Chonaill ar an bhFál Carrach agus tá Comhairle Contae na Gaillimhe chun staidéar féidearthachta a dhéanamh faoina buntáistí a bhainfeadh le Linn Snámha Taoide ar chósta an oileáin.

 

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire Stiúrthóir Forbartha Pobail, Réigiúnaí agus Pleanála Teanga:

“Is iontach go mbeidh deis na dtograí seo a fhorbairt le cabhair ó mhaoiniú na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail. Déanann Údarás na Gaeltachta comhghairdeachas leis an heagraíochtaí a bhíonn ag obair i gcomhpháirt linn chun tograí den tsaghas seo a fhorbairt, tograí atá chun leasa an phobail áitiúil agus turasóirí araon.”