RTE RnaG – Ghradaim na Gaeltachta

Gearrliosta Ghradaim na Gaeltachta le fógairt inniu ar chláracha irise RTE RnaG agus obair eagraíochtaí pobail agus coistí deonacha á cheiliúradh

13 Samhain, 2023

nóiméad léite

 Inniu ar RTE Raidió na Gaeltachta a fhógróidh Údarás na Gaeltachta an gearrliosta don chomórtas náisiúnta do thograí pobalbhunaithe, Gradaim na Gaeltachta, chun aird an phobail a tharraingt ar an obair mhór atá á déanamh ag eagraíochtaí forbartha pobail sa nGaeltacht agus le aitheantas a thabhairt do na tograí fiúntacha agus suimiúla atá á gcur chun cinn ar fud na Gaeltachta.

 

Beidh an gearrliosta á fhógairt ar chláracha irise an stáisiúin agus beidh na hiarrthóirí ar éirigh leo as na réigiúin Ghaeltachta éagsúla le fógairt ar Iris Aniar, Barrscéalta agus An Saol ó Dheas.

 

Tá catagóir éagsúla sa gcomórtas a bhaineann le forbairt pobail agus teanga sa Ghaeltacht; ina measc an fhiontraíochta shóisialta, turasóireacht, timpeallacht, seirbhísí sóisialta pobail, agus an óige.

 

Tá duais ar leith don togra is fearr ó choiste pobail deonach sna trí réigiún Ghaeltachta, Connacht/Laighean, Mumhan agus Uladh – beidh na buaiteoirí réigiúnacha ag fáil duais €1,000, maraon le bheith sna áireamh don mór-ghradam náisiúnta do thogra coiste pobail deonach.

 

Tá aird ar leith sa bpróiseas moltóireachta ar chúrsaí teanga agus ar chumas na dtograí an Ghaeilge a neartú agus a chur chun cinn.

Beidh mór-ócáid Ghradaim na Gaeltachta agus bronnadh na ngradam náisiúnta ar bun in Óstán Chois Fharraige, Conamara, ar an 30 Samhain.

 

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Pobail Réigiúnaí agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta:

 

"Tá an-ríméad orainn faoi líon agus faoi chaighdeán na n-iarratas a fuair muid sna catagóirí éagsúla. Is iontach an deis í seo le breis eolais a thabhairt don phobal faoina tograí suimiúla nuálacha atá á gcur chun cinn sna pobail Ghaeltachta. Tá an-obair á dhéanamh ag coistí agus eagraíochtaí pobail agus is pribhléid dúinn a bheith in ann tacú leo san obair sin."

 

Nótaí don Eagarthóir:

Tá comórtas Gradaim na Gaeltachta roinnte ina dhá chuid mar atá:

Cuid A – d’aon eagraíocht forbartha pobalbhunaithe Gaeltachta, bíodh sí:

  • ag feidhmiú go deonach nó
  • á maoiniú ag an Stát (tríd Scéim na gComharchumann, Clár Seirbhísí Pobail nó eile)

Cuid B  - dírithe ar choistí deonacha amháin – i.e. coistí nach bhfuil maoiniú leanúnach stáit acu (agus nach bhfuil bainisteoir / oifigeach forbartha fostaithe acu).

 

Cuid A: Tá cúig catagóir de ghradaim ann:

 

  • Togra Turasóireachta na Gaeltachta
  • Togra Glúin Z na Gaeltachta
  • Togra Gaeltacht Ghlas
  • Togra Diaspóra na Gaeltachta
  • Togra Seirbhísí Sóisialta na Gaeltachta

 

Tá gearrliosta déanta le ar a laghad togra amháin ainmnithe ó chaon réigiún (Connacht/Laighean, Dún na nGall, Mumhan) agus ar a mhéid trí thogra ó chaon réigiún. Bronnfar trófaí agus duais de €3,500 ar an mbuaiteoir i chaon chatagóir, agus €1,500 ar an dara háit.

 

Cuid B:  Is catagóir amháin atá ann:

  • Togra Choiste Pobail na Gaeltachta

 

Roghnófar buaiteoir amháin ó chaon réigiúin (Mumhan, Gaillimh/Maigh Eo/An Mhí, Dún na nGall), agus roghnófar an buaiteoir náisiúnta astú sin. Bronnfar trófaí agus duais de €1000 ar chaon bhuaiteoir réigiúnach, agus trófaí agus €3,500 ar an mór-bhuaiteoir.

Ní gá comhionnas sa líon ainmniúcháin ó chaon réigiún. Is féidir le heagraíocht ainmniúchán bheith acu i níos mó ná catagóir amháin. Tá béim ar leith sa bpróiseas moltóireacht ar thograí a bhfuil cur chun cinn agus neartú na Gaeilge lárnach iontu.