Comghairdeachas le hEalaín na Gaeltachta

Déanann Údarás na Gaeltachta comhghairdeas le hEalaín na Gaeltachta as na héachtaí atá bainte amach aige le 25 bliain

10 Samhain, 2023

nóiméad léite

Inniu rinne cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Mary Uí Chadhain agus an Príomhfheidhmeannach Tomás Ó Síocháin comhghairdeas le Ealaín na Gaeltachta as a bhfuil bainte amach aige ó bunaíodh an eagraíocht mar chomhfhiontar idir Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon 25 bliain ó shin.

 

Is fochuideachta de chuid an Údaráis é Ealaín na Gaeltachta a bunaíodh leis na healaíne dúchasacha agus comhaimseartha a chur chun cinn sa nGaeltacht.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin:

“Is iontach an éacht ata déanta ag Ealaín na Gaeltachta le 25 bliain, ag tacú le healaíontóirí Gaeltachta agus ag cuidiú na healaíona i gcoitinn a chur chun cinn sna ceantair Ghaeltachta. Tá tionchar nach beag ag an eagraíocht ar an infreastruchtúr ealaíona agus ar an iliomad imeachtaí agus gníomhaíochta cultúrtha agus ealaíne ar fud na Gaeltachta. Tá gar de €4m de infheistíocht déanta ag Ealaín na Gaeltachta le linn cur i bhfeidhm a straitéis don tréimhse chúig bliana 2018 – 2022.  Tá maoiniú curtha ar fáil aige do suas 200 ealaíontóir, d'ionaid ealaíona Gaeltachta, d’fhéilte ealaíona agus do thograí agus imeachtaí ealaíona aon uaire, ina measc an seó stáitse Óró, le healaíontóirí Gaeltachta agus ealaíontóirí idirnáisiúnta, agus an taispeántas dearc ealaíona Dath an Dóchais le 40 ealaíontóir Gaeltachta a chríochnaigh camchuairt Gaeltachta le linn na bliana seo.”

Beidh Straitéis nua Ealaín na Gaeltachta 2023 -2027 a sheoladh go hoifigiúil ag ócáid sa Spidéal ar an 16ú Samhain.

“Tá aitheantas speisialta ag dul don eagraíocht as an sár-obair ata déanta acu tríd Clár Cuisle atá dírithe ar na healaíona dúchasacha agus an drámaíocht a chur chun cinn i measc an óige na Gaeltachta.  Bhí 2,534 duine óg páirteach in imeachtaí Cuisle le linn 2022 agus níl aon daubt ach go mbeidh lorg an chlár sin le feiceáil ar chultúr na Gaeltachta agus ar stáitsí idirnáisiúnta sna blianta fada amach romhainn”, a dúirt an Príomhfeidhmeannach.