Aitheantas do Chlannad

Aitheantas le tabhairt do Chlannad as an ardán a thugann siad don Ghaeilge - sparánacht nua d’ealaíontóir Gaeltachta le bronnadh ina n-onóir

10 Samhain, 2023

nóiméad léite

I dTeach Leo inniu a reáchtálfaidh Údarás na Gaeltachta ócáid in ómós don bhanna ceoil iomráiteach as Gaeltacht Thír Chonaill, Clannad, ag glacadh buíochais leis an ngrúpa as an mbéim a leag siad ar an teanga, ar chultúr agus ar dhúchas na Gaeltachta thar na mblianta

 

Ó bhunaigh Pádraig agus Noel Ó Dúgáin agus Pól, Ciarán agus Máire Uí Bhraonáin an banna ceoil Clannad i 1970, tá clú agus cáil bainte amach acu ar fud an domhain agus gradaim go leor bainte amach acu, dámhachtain Grammy, BAFTA, agus Ivor Novello ina measc.

 

Mar chomhartha ómóis don ghrúpa agus le ceiliúradh a dhéanamh ar an tionchar a bhí acu ar chúrsaí Gaeilge, tá Údarás na Gaeltachta ag bronnadh sparánacht ar fiú €30,000 (€10,000 sa bhliain thar 3 bliana), le cuidiú le healaíontóir Gaeltachta forbairt a dhéanamh ar shaothar úr trí mheán na Gaeilge.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:

“Thug Clannad an ceol, na hamhráin agus an Ghaeilge chuig ardáin dhomhanda agus is iomaí duine ar fud na cruinne a spreagadh agus a d’fhoghlaim Gaeilge dá bharr tiomantais an ghrúpa don teanga agus don chultúr trí chéile. Ní amháin sin, ach spreag siad mórtas i bpobal na Gaeltachta ina dteanga agus a n-oidhreacht féin. Is údar bróid dúinn ar fad iad. Tá lúcháir orainn go bhfuil an deis againn an bród agus an buíochas sin a léiriú inniu, agus tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóir Gaeltachta eile tríd an sparánacht atá á fhógairt againn.”

Nótaí don Eagarthóir

Deontas amháin atá i gceist ar fiú €30,000 é - €10,000 sa bhliain thar 3 bliana. Tá an scéim dírithe ar ealaíontóirí Gaeltachta atá ag cleachtadh trí mheán na Gaeilge in aon mheán nó réimse ealaíona, chun tacú leo forbairt a dhéanamh ar shaothar úr. Tacóidh an sparánacht le costais mhaireachtála agus i dtreo costais saothar faoi leith a fhorbairt.

D’fhéadfadh an sparánacht tacú le ealaíontóir:

  • ealaíontóir eile a bheith mar mheantóir agat ar feadh tréimhse
  • trealamh riachtanach a thógáil ar cíos nó a cheannach
  • freastal ar thréimhse chónaitheach.

Is iad Ealaín na Gaeltachta a bheas ag reáchtáil na scéime thar ceann Údarás na Gaeltachta.

Is é an 31 Eanáir an spriocdháta d’iontrálacha - tuilleadh eolais faoin scéim le fáil anseo.