Cruinniú boird míosúil Údarás na Gaeltachta

Taighde nua déanta faoi úsáid na Gaeilge i measc cliaint Údarás na Gaeltachta, a bheas mar bhunchloch do scéim nua tacaíochta teanga do chliaint an Údaráis

3 Samhain, 2023

nóiméad léite

Ag an gcruinniú míosúil de bhord Údarás na Gaeltachta, a reáchtáladh ag Oireachtas na Samhna inniu, cuireadh eolas faoi bhráid an bhoird faoi thaighde a rinneadh ar chliaint an Údaráis maidir lena bpróifíl fostaíochta agus úsáid na Gaeilge, eolas a bheas san áireamh i scéim nua tacaíochta do chliaint atá á forbairt ag an eagraíocht.

 

Rinneadh an suirbhé ar os cionn 500 cliant Údarás na Gaeltachta a bhfuil beirt nó níos mó fostaithe acu. I measc na nithe a ba shuntasaigh a tháinig chun cinn sa suirbhé, ar ghlac beagnach 800 fostaí páirt ann:

  • Bhí 77% dóibh siúd a ghlac páirt ag obair agus ina gcónaí sa nGaeltacht
  • Thug 58% le fios go bhfuil Gaeilge líofa acu
  • Léirigh beagnach 50% go labhraíonn siad Béarla den chuid is mó sa phobal agus ag baile.
  • Dúirt 33% go labhrann siad Gaeilge amháin nó go príomha sa bhaile
  • Tá breis agus 50% de na cliaint a ghlac páirt ag déanamh cumarsáid le custaiméirí i mBéarla den chuid is mó
  • Tá 31% de na cliant ag déanamh cumarsáid le cliaint i nGaeilge den chuid is mó.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:

“Is taighde fíor-thábhachtach í seo d’Údarás na Gaeltachta agus dár bpobal. Cuimsíonn sí gach saghas cliantchomhlacht a bhfuil tacaíocht á thabhairt ag an Údarás dóibh, idir comhlachtaí ilnáisiúnta, gnólachtaí beaga agus eagraíochtaí pobalbhunaithe. Tá na dreamanna seo ar fad ag cur le geilleagar agus forbairt shóisialta na Gaeltachta agus tá sé tábhachtach dúinn go dtuigfeadh muid a gcuid riachtanais teanga, sa gcaoi agus go mbeidh ar a gcumas tacú freisin leis an bhforbairt teanga sa nGaeltacht.

Tá muid faoi láthair ag réiteach plean oibre a chinnteoidh go mbeidh na tacaíochtaí cuí ag cliaint an Údaráis ina leith seo. Tá eolas againn anois atá ag cabhrú linn sain-riachtanais ár gcliant agus a gcuid fostaithe a aithint, sa gcaoi agus go mbeidh ar ár gcumas na tacaíochtaí is feiliúnaigh a chur ar fáil dóibh.”

 

Dúirt cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Mary Uí Chadhain.

“Tá bord an Údaráis fíor-shásta go bhfuil léargas cuimsitheach againn don chéad uair ar phátrúin teanga ár gcliaint ar fud na Gaeltachta. Tuigeann an bord an tábhacht atá leis na trí ghné d’obair an Údaráis: an fhorbairt ghnó agus fostaíochta; an fhorbairt shóisialta; agus an cothú agus caomhnú teanga.  Tá sé tábhachtach dúinn go mbeadh aird ar leith ar na dúshláin a bhaineann leis an ngné teanga, go háirithe i gcomhthéacs cruthú agus caomhnú fostaíochta sa nGaeltacht. Tá muid sásta, a bhuíochas don taighde seo, go bhfuil plean á fhorbairt anois chun sin a dhéanamh. “