Togra Nua Eorpach ST3ER

Togra nua Eorpach ST3ER, dírithe ar cabhrú le tograí nuálacha turasóireachta, le seoladh inniu, Dé Máirt 24 Deireadh Fómhair i nGaeltacht na Gaillimhe

24 Deireadh Fómhair, 2023

nóiméad léite

Inniu in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha i gConamara, seolfaidh Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail, agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta, Rónán Mac Con Iomaire an togra turasóireachta Eorpach ST3ER, togra atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí turasóireachta, le cuidiú leo forbairt a dhéanamh ar thionscadail nuálaíocha digiteacha agus le iad a dhéanamh níos seasmhaí agus níos inbhuanaí.

Tá sé pháirtí ó chúig thír páirteach sa togra (Éire, An Spáinn, An Phortaingéil, An Danmhairg agus An tSlóivéin). Is iad Údarás na Gaeltachta atá ina phríomhpháirtí agus is iad atá freagrach as comhordú a dhéanamh ar an togra. Tá an eagraíocht WestBIC atá lonnaithe i nGaillimh páirteach sa togra freisin agus iad freagrach as luasathóir agus gnéithe infheistíochta an togra.

Is tionscadal 3 bliana é seo, maoinithe ag an Aontas Eorpach, chun forbairt a dhéanamh ar chumas iomaíochta na bhfiontar beag agus meánmhéide in earnáil na turasóireachta.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire,

“Tá sé an-tábhachtach go dtabharfaí tacaíocht do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide turasóireachta forbairt, sa gcaoi agus go mbeidh siad in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá amach romhainn. Má tá na hathruithe a theastaíonn i dtionscal na turasóireachta le tarl,ú teastaíonn scileanna nua cruthaitheacha a fhorbairt sna comhlachtaí seo.”

Tá buiséad €3.2 milliún ag an an tionscadal agus cuirfidh sé maoiniú díreach de €1.96m ar fáil do ghnólachtaí.  Is féidir breis eolais a fháil ag  www.st3er.eu