Ardú Suntasach ar Bhuiséad Pleananna Teanga

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh fhógra Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil ardú suntasach ar bhuiséad pleananna teanga

20 Deireadh Fómhair, 2023

nóiméad léite

Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh fhógra an Aire Stáit Gaeltachta, Patrick O’ Donovan, T.D go bhfuil ardú de 20% ar an mbuiséad d’fheidhmiú phleananna teanga sna Limistéir Phleanála Teanga Gaeltachta, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:

“Táimid an-sásta go bhfuil an infheistíocht seo déanta sa bpróiseas pleanála teanga, infheistíocht de luach beagnach €900,000 sa bhreis do 2023, le €20,000 nó níos mó ar fáil do gach Limistéar Pleanála Teanga (LPT) agus gach Baile Seirbhíse Gaeltachta (BSG) sa Ghaeltacht, chomh maith le maoiniú breise do na Líonraí Gaeilge agus na BSG atá lonnaithe taobh amuigh den Ghaeltacht.

 

“Is dea-scéal freisin é go bhfuil tacaíocht bhreise ceadaithe do na cheithre Limistéar Pleanála Teanga a raibh Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga ceadaithe dóibh go dtí seo agus go mbeifear ábalta ról na n-oifigeach sin a ardú go ról Oifigeach Pleanála Teanga sna ceithre LPT atá i gceist - i Limistéir Phleanála Teanga Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir; Cois Fharraige; Conamara Láir & Ciarraí Thiar. Fáiltímid chomh maith roimh an gcinneadh LPT Mhaigh Eo Thuaidh a chuir ar an stádas céanna leis an ceithre mhór-limistéar eile ó thaobh maoinithe de, agus cead a thabhairt an dara hOifigeach Pleanála Teanga a fhostú.

 

“Léiríonn an maoiniú breise seo muinín sa bpróiseas pleanála teanga agus aitheantas ar an gcaoi a bhfuil an próiseas ag dul i bhfeidhm ar na pobail Ghaeltachta.  Tá muidne san Údarás buíoch agus bródúil as an obair atá á déanamh ag na ceann-eagraíochtaí agus ag na hOifigigh Pleanála Teanga go léir. Níl dabht ar bith ach go rachaidh an t-ardú maoinithe seo chun tairbhe don obair agus go gcuirfidh sé go mór le gníomhaíochtaí agus imeachtaí sealbhaithe agus cothaithe teanga ar fud na Gaeltachta. “