Glasoiliúint

Scéim phíolótach fógraithe do cheardaithe le cur ar a gcumas scileanna nua a bhaineann le caomhnú fuinnimh/fuinneamh inathnuaite a fhoghlaim

19 Deireadh Fómhair, 2023

nóiméad léite

Inniu a d’fhógair Údarás na Gaeltachta scéim phíolótach nua Glasoiliúint, chun cuidiú le ceardaithe agus daoine proifisiúnta Gaeltachta atá ag iarraidh scileanna a uasdhátú   nó scileanna nua a fhoghlaim, i réimse dá gcuid oibre a bhaineann le caomhnú fuinnimh, nó i dteicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite.  

 

Beidh suas le €2,000 ar fáil i dtreo táillí teagaisc do chúrsaí aitheanta sa réimse seo.

Tá éileamh an-mhór ar scileanna leictreacha, pluiméireachta, innealtóireachta, ailtireachta, suiteála, tógála agus díonlach in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite; is í aidhm na scéime seo, breis oiliúna a chur ar oibrithe atá ag iarraidh aistriú isteach in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite.

 

Dúirt Tomás Ó Síocháin, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Aithnítear go forleathan an tábhacht a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus an gá atá leis an lorg carbóin a ísliú chun an dlús atá faoin téamh domhanda a laghdú. Anuas ar sin, tá ‘An Ghaeltacht Ghlas’ aitheanta ag Údarás na Gaeltachta mar dheis thábhachtach le cur leis an gcruthú fostaíochta agus le heacnamaíocht na Gaeltachta i Straitéis Údarás na Gaeltachta 2021-2025. Teastaíonn deiseanna breise oiliúna agus traenála ó mhuintir na Gaeltachta má tá siad le iad féin a chur in oiriúnt do na hathruithe atá ag tarlú. Tá muid sásta go gcuirfidh an scéim phíolótach seo na deiseanna sin ar fáil. “