250+ Post i Réigiúin Ghaeltachta

Breis agus 250 post tarraingteach ar fáil i réigiúin Ghaeltachta an iarthair - eolas tugtha faoi dheiseanna fostaíochta Gaeltachta ag ócáid gnó i mBéal an Átha, Co. Mhaigh Eo

16 Deireadh Fómhair, 2023

nóiméad léite

Ag ócáid a bhí i ar bun in Ionad Ealaíon Bhéal an Átha i gContae Mhaigh Eo Dé hAoine, phlé Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, an tAire Fiontair Trádála agus Fostaíochta Simon Coveney T.D. agus an tAire Stáit Dara Calleary T.D. na deiseanna luachmhara fostaíochta atá ar fáil sa nGaeltacht,.

Bhí Údarás na Gaeltachta ag freastal ar Building Better Business/Ag Déanamh Sár-Ghnó, ócáid a reáchtáil an Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta mar chuid de shraith imeachtaí atá á reáchtáil acu ar fud an tíre, chun cabhrú le gnólachtaí athrú i dtreo modhanna oibre digiteacha agus bealaigh oibre níos glaise.

Bhí cliaintchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta lárnach san ócáid; ina measc siúd a bhí ag glacadh páirt bhí Siobhán Ní Chofaigh, ón comhlacht teicneolaíochta i gConamara Mint-Tek, a roinn a taithí féin leis an slua a bhí i láthair.

Bhí dhá chomhlacht rathúla ó Ghaeltacht Mhaigh Eo i mbun feachtais earcaíochta i láthair freisin: Aran Woolen Mills, comhlacht teicstíle atá lonnaithe i mBéal an Mhuirthead agus Coláiste UISCE, coláiste Gaeilge nuálach, a nascann foghlaim teanga agus spóirt uisce.

 

Mar chuid den ócáid, bhí deis ag Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta léargas a thabhairt ar an réimse leathan deiseanna fostaíochta ar ardchaighdeán atá ar fáil i gcomhlachtaí Gaeltachta. Dúirt sé:

“Tá sé an-tábhachtach dúinn go mbeidh an pobal sa nGaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht ar an eolas faoina deiseanna iontacha fostaíochta atá ar fáil anois sna contaetha Gaeltachta i réimse leathan earnálacha. Faoi láthair, tá breis agus 250 post ar fáil i gcomhlachtaí Gaeltachta, idir postanna san innealtóireacht, teicneolaíocht, cúram baile, seirbhísí gnó, tionscal na teanga agus go leor eile. Tá muid ag iarraidh go mbeidh a fhios ag pobal na Gaeltachta, ag daoine a bheadh ag smaoineamh bogadh go dtí an Ghaeltacht nó daoine a d’fhág an Ghaeltacht agus gur mhaith leo filleadh go bhfuil na deiseanna seo ann. Is comhlachtaí iad seo atá rathúil agus ag fás. Dá bharr sin, tá siad ag cur lena bhfoireann oibre. Tá deiseanna fostaíochta agus caighdeán iontach maireachtála i gcontaetha an iarthair- sílimid go bhfuil sé tábhachtach an t-eolas sin a scaipeadh go forleathan i measc an phobail.”

 

Dúirt Simon Coveney T. D., an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta: "

Tá lúcháir orm a bheith anseo i mBéal an Átha dár seachtú imeacht Building Better Business.  Tá tábhacht ar leith ag baint le ról Údarás na Gaeltachta anseo san Iarthar agus tá an ról sin ag éirí níos tábhachtaí fós de réir mar a thagann athrú ar ár nósanna oibre agus toisc go bhfuil an chianobair ina rogha níos minicí ag gnólachtaí agus a bhfostaithe.  Léiríonn an réimse post atá ar fáil i gcomhlachtaí Gaeltachta an t-athrú seo agus is forbairt an-fháilte agus dhearfach í d'Iarthar na hÉireann."

 

Dúirt Dara Calleary T.D., an tAire Stáit um Chur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí:

"Tá sé iontach a bheith anseo ag Building Better Business i mBéal an Átha, ag ócáid atá thar a bheith suntasach domsa mar ionadaí poiblí ón réigiún. Tá cion thar na bearta déanta ag Údarás na Gaeltachta chun aird a tharraingt ar oidhreacht shaibhir na Gaeltachta agus chun tionscnaimh fhiontracha a chur chun cinn in Iarthar na hÉireann. Tá muid anseo ag Buildng Better Businesses/Déan Sárghnó ag cabhrú le gnólachtaí ar a dturas glas agus digiteach, rud a chuideoidh le gnólachtaí chun díriú ar an todhchaí. Tá an-áthas orm go bhfuil Údaras na Gaeltachta anseo le bheith páirteach ann."

Tá tuilleadh eolais faoi phostanna Gaeltachta le fáil anseo: www.udaras.ie/oiliuint-fostaiocht/fostaiocht/