Cionn Fhánada

Cead pleanála bronnta ar Údarás na Gaeltachta d’Ionad Cuairteoirí ag Cionn Fhánada i nGaeltacht Dhún na nGall

10 Deireadh Fómhair, 2023

nóiméad léite

Fanad Lighthouse
Teach solais Fanad, Dún na nGall

Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh an bhfógra go bhfuil cead pleanála bronnta ag Comhairle Contae Dhún na nGall le hIonad Cuairteoirí nua a thógáil ag Cionn Fhánada, taobh le Teach Solais Chionn Fhanada i nGaeltacht Dhún na nGall.

Tá cead tugtha foirgneamh nua 940 méadar cearnaithe á thógáil, ina mbeidh caifé, siopa, seomra cruinnithe, seomra ceardaíochta, spás gailearaí agus áis shúgartha taobh amuigh.  Bheadh infheistíocht suas le €7 milliún i gceist leis an ionad, a dhear an comhlacht ailtireachta, Vincent Hannon Architects.

Tá fostaíocht shuntasach á chur ar fáil cheana féin ag Teach Solais Chionn Fhánada - bheadh deis an fhostaíocht sin a mhéadú le tógáil ionaid nua, ionad a bheadh ina áis tharraingteach ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin:

“ Is céim thábhachtach í an céad pleanála seo i bhforbairt thogra Ionad Cuairteoirí Chionn Fhánada, agus tá muid faoi láthair ag scrúdú féidearthachtaí maoinithe don chéad chéim eile.  Is dea-scéala é seo do Ghaeltacht Dhún na nGall agus do thurasóireacht na Gaeltachta. Is sampla iontach freisin é den fhiontraíocht shóisialta; tá moladh ar leith ag dul do Fhorbairt Fhánada as an obair a chuir siad isteach sa togra seo le blianta. Tá múnla iontach do thogra turasóireacht Gaeltachta forbartha acu, a aithníonn an tábhacht atá le hoidhreacht chultúrtha agus teanga na Gaeltachta, chomh maith le áilleacht nádúrtha an cheantair agus is cinnte go dtabharfadh an t-ionad seo deiseanna nua dóibh chun an scéal sin a inseacht.

 

Gabhaim buíochas le Comhairle Contae Dhún na nGall, Fáilte Ireland agus Coimisinéirí Soilse na hÉireann – is de bharr comhoibriú suntasach idir na háisíneachtaí seo go léir a d’éirigh linn an togra thabhairt chuig an bpointe seo.

 

Is údar bróid dúinn freisin go bhfuil inmharthanacht ag croílár an tionscadail seo agus go bhfuil an dearadh seo ina eiseamláir de chur chuige glas agus inbhuanaithe.”