Cruinniú boird Údarás na Gaeltachta

97 post nua ceadaithe ag an gcéad chruinniú de bhord nua Údarás na Gaeltachta inniu

6 Deireadh Fómhair, 2023

nóiméad léite

Inniu a reáchtáladh an chéad chruinniú de bhord nua Údarás na Gaeltachta, ó rinne na hairí Gaeltachta, tAire Catherine Martin T.D. Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Patrick O'Donovan, T.D., Aire Stáit na Gaeltachta, chúig cheapachán nua chuig an mbord seachtain ó shin.  Reachtáladh an cruinniú in Ard-Oifig Údarás na Gaeltachta sna Forbacha.

Le linn an chruinnithe, ceadaíodh 97 post in earnálacha na déantúsaíochta, na mara, bia agus deoch agus forbairt gnó. Ceadaíodh na postanna do thograí i gcontaetha Dhún na nGall, na Gaillimhe agus Chiarraí.

 

Dúirt cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Mary Uí Chadhain:

“Tá ríméad orm go bhfuil mé ceaptha mar chathaoirleach ar bhord Údarás na Gaeltachta agus tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leis an mbord nua, idir na comhaltaí a ceapadh ag tús na bliana agus na comhaltaí nua-ainmnithe.  Tá taithí agus saineolas thar na bearta ag na comhaltaí a bheas ina chuidiú mór dúinn agus muid ag obair chun aidhmeanna Phlean Straitéiseach 5 Bliana Údarás na Gaeltachta 2021-2025 a bhaint amach. Beimid ag tabhairt faoin gcúram sin le huaillmhian agus le misneach. "

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin:

“Tá muid an-sásta go bhfuil bord iomlán againn arís, ag tráth ata an-tábhachtach do chúrsaí forbartha, fostaíochta agus teanga sa nGaeltacht. Ag tús na seachtaine seo, bhí fógra suntasach fostaíochta againn nuair a rinneadh an oscailt oifigiúil ar áis nua déantúsaíochta Freudenberg, comhlacht feistí leighis i nGaeltacht Chonamara, a d’fhógair céad post nua. Tá beagnach céad post eile ceadaithe againn ag an gcruinniú boird seo. Is é an dúshlán ata anois romhainn, a chinntiú go bhfuil pobal na Gaeltachta ar an eolas faoi na deiseanna suntasacha fostaíochta atá ina gceantair féin agus cuidiú leis na comhlachtaí a bhfuil muid ag tacú leo fás agus forbairt, ar mhaithe leis an nGaeltacht agus le pobal na Gaeltachta.”