Plean Náisiúnta Leathanbhanda

Údarás na Gaeltachta ag cur ar chumas an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda leathanbhanda ardluais a fheistiú i gceantair Ghaeltachta

18 Lúnasa, 2023

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta agus National Broadband Ireland, atá ag soláthar leathanbhanda snáithín-optaice ardluais faoi Phlean Náisiúnta Leathanbanda an rialtais, ag dul i gcomhpháirtíocht chun leathanbhanda ardluais a chur ar fáil do thithe cónaithe agus gnólachtaí i gceantair Ghaeltachta.

 

Tá Údarás na Gaeltachta ag cur píosaí talún ar fáil ag suíomhanna lárnacha, chun go mbeidh NBI ábalta trealamh snáithín optaice a fheistiú, agus leathanbhanda ardluais a sholáthar.  Óir go bhfuil an tÚdarás ag tabhairt rochtain do NBI ar na suíomhanna seo, tá sé ar a gcumas a gcuid oibre a chur i gcrích ar bhealach a chuirfidh isteach a laghad agus is féidir ar an pobal máguaird, pobal a mbeidh buntáiste acu as an ngréasán snáithín optaice ag deireadh na dála.

Tá Údarás na Gaeltachta tar éis tacú le NBI obair riachtanach a dhéanamh ag an suíomh atá acu i bPáirc Ghnó Shailearna sna hAille in Indreabhán agus tá sé beartaithe acu obair a éascú freisin ar Eastát Tionsclaíoch an Údaráis i gCill Chiaráin i gConamara.

 

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta

Tá lúcháir orainn gur féidir linn tacú le forbairt an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda i gceantair Ghaeltachta. Cuireann soláthar cinnte leathanbhanda ardluais ar chumas daoine agus gnólachtaí páirt iomlán a ghlacadh san iliomad gné den saol comhaimseartha. Tá an Plean Leathanbhanda lárnach don gheilleagar áitiúil i bpobail ar fud na Gaeltachta.”

 

Dúirt Peter Hendrick, Príomhfheidhmeannach National Broadband Ireland: “Tá leathnú an ghréasáin NBI ag bailiú luais agus tá leath an ghréasáin anois tógtha nó á thógáil. Ba mhaith linn buíochas a ghlacadh le hÚdarás na Gaeltachta as a dtacaíocht agus muid ag feidhmiú an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda. Tá na suíomhanna atá siad a chur ar fáil dúinn ina mbuntáiste mhór agus muid iarraidh an obair thógála san iarthar agus san iarthuaisceart a chur i gcrích chomh tapaigh agus is féidir linn agus buntáistí an snáithín optaice a thabhairt chomh fada lei tuilleadh tithe, gnólachtaí agus feirmeacha.”