Gradaim na Gaeltachta

Gradaim do Thograí Forbartha Pobail fógartha ag Údarás na Gaeltachta, le obair eagraíochtaí pobail agus coistí deonacha a cheiliúradh

16 Lúnasa, 2023

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta ag reáchtáil comórtas náisiúnta do thograí pobalbhunaithe, Gradaim na Gaeltachta, chun aird an phobail a tharraingt ar an obair mhór atá á déanamh ag eagraíochtaí forbartha pobail sa nGaeltachta agus le aitheantas a thabhairt do na tograí fiúntacha agus suimiúla atá á gcur chun cinn ar fud na Gaeltachta.

 

Beidh catagóir éagsúla sa gcomórtas a bhaineann le forbairt pobail agus teanga sa Ghaeltacht; ina measc an fhiontraíochta shóisialta, turasóireacht, timpeallacht, seirbhísí sóisialta pobail, obair na gcoistí pobail agus an óige.

 

Beidh aird ar leith sa bpróiseas moltóireachta ar chúrsaí teanga agus ar chumas na dtograí an Ghaeilge a neartú agus a chur chun cinn.

 

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Pobail Réigiúnaí agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta:

 

“Is deis í seo aitheantas a thabhairt don obair cheannródaíoch atá ar bun ag eagrais forbartha pobail ar fud na Gaeltachta ar mhaithe lena bpobail a chur chun cinn, an Ghaeilge a neartú, seirbhísí a fhorbairt agus fostaíocht a chruthú. Scaití is obair í a déantar go ciúin agus i ngan fhios. Feictear dúinn go bhfuil sé tábhachtach meas a léiriú ar an méid atá á dhéanamh agus a chinntiú go mbíonn eolas ag pobal na Gaeltachta ar na tograí breátha atá á bhforbairt ina gceantar féin”

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:

 

“Is cuid lárnach de mhisean Údarás na Gaeltachta atá sa tacaíocht a thugann muid do eagraíochtaí forbartha pobail. Ta na heagraíochtaí seo ag croí-lár phobal na Gaeltachta ar fud na tíre le fada an lá. De réir mar a tháinig athrú ar riachtanais an phobail ar an bhfuil siad ag freastal, tá glactha go fonnmhar ag na heagraíochtaí seo le athruithe ar a réimse oibre féin; tá siad ag plé anois le tograí in earnálacha nach smaoineofaí fiú orthu fiche bliain ó shin. Agus ár ndóigh, is iad na heagraíochtaí pobail-bhunaithe atá ag tiomáint an phróisis pleanála teanga i go leor Limistéir Pleanála Teanga; murach iad, bheadh sé an-deacair ag an státchóras an próiseas sin a fhorbairt agus a bhrú chun cinn. Tá mé an-sásta go dtabharfaidh Gradaim na Gaeltachta an deis dúinn a gcuid oibre agus an dul chun cinn atá á dhéanamh ag na heagraíochtaí forbartha pobail a cheiliúradh. “

 

Nótaí don Eagarthóir:

Beidh comórtas Gradaim na Gaeltachta roinnte ina dhá chuid mar atá:

Cuid A – d’aon eagraíocht forbartha pobalbhunaithe Gaeltachta, bíodh sí:

  • ag feidhmiú go deonach nó
  • á maoiniú ag an Stát (tríd Scéim na gComharchumann, Clár Seirbhísí Pobail nó eile)

Cuid B  - dírithe ar choistí deonacha amháin – i.e. coistí nach bhfuil maoiniú leanúnach stáit acu (agus nach bhfuil bainisteoir / oifigeach forbartha fostaithe acu).

 

Cuid A: Tá cúig catagóir de ghradaim ann:

 

  • Togra Turasóireachta na Gaeltachta
  • Togra Glúin Z na Gaeltachta
  • Togra Gaeltacht Ghlas
  • Togra Diaspóra na Gaeltachta
  • Togra Seirbhísí Sóisialta na Gaeltachta

 

Déanfar gearrliosta a ullmhú le ar a laghad togra amháin ainmnithe ó chaon réigiún (Connacht/Laighean, Dún na nGall, Mumhan) agus ar a mhéid trí thogra ó chaon réigiún. Bronnfar trófaí agus duais de €3,500 ar an mbuaiteoir i chaon chatagóir, agus €1,500 ar an dara háit.

 

Cuid B:  Is catagóir amháin atá ann:

  • Togra Choiste Pobail na Gaeltachta

 

Roghnófar buaiteoir amháin ó chaon réigiúin (Mumhan, Gaillimh/Maigh Eo/An Mhí, Dún na nGall), agus roghnófar an buaiteoir náisiúnta astú sin. Bronnfar trófaí agus duais de €500 ar chaon bhuaiteoir réigiúnach, agus trófaí agus €3,500 ar an mór-bhuaiteoir.

Ní gá comhionnas sa líon ainmniúcháin ó chaon réigiún. Is féidir le heagraíocht ainmniúchán bheith acu i níos mó ná catagóir amháin. Beidh béim ar leith sa bpróiseas moltóireacht ar thograí a bhfuil cur chun cinn agus neartú na Gaeilge lárnach iontu.

 

 

Is é an 22 Meán Fómhar 2023 an sprioc-dáta d’iarratais. Fógrófar na buaiteoirí ag mór-ócáid Ghradaim na Gaeltachta i mí na Samhna.

Tá Foirm Iontrála le fáil anseo – www.udaras.ie/pobal/gradaim-na-gaeltachta/

Ní ghlacfar le hiarratais ach tríd an fhoirm iarratais ar líne seo.