Cruinniú boird míosúil Údarás na Gaeltachta

Maoiniú ceadaithe ag cruinniú boird Údarás na Gaeltachta chun tacú le cruthú breis agus leathchéad post i gceantair Ghaeltachta

21 Iúil, 2023

nóiméad léite

Ba in Ard-Oifig Údarás na Gaeltachta sna Forbacha a tionóladh cruinniú boird míosúil Údarás na Gaeltachta inniu, ag ar ceadaíodh maoiniú de bheagnach €1 milliún do chomhlachtaí Gaeltachta le 56 post a chruthú i gceantair Ghaeltachta na Gaillimhe agus Dhún na nGall.

Is i gcomhlachtaí in earnálacha na bia agus dí, na cógaisíochta agus na déantúsaíochta is mó a chruthófar fostaíocht.

Anuas ar sin, ceadaíodh maoiniú de bhreis agus €32,000 d’aon cheann déag d’eagraíochtaí forbartha pobail, le cur ar a gcumas tabhairt faoi thograí pobail agus scéimeanna feabhsúcháin éagsúla.

 

Dúirt cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Mary Uí Chadhain:

“Tá muid sásta go bhfuil ar ár gcumas cuidiú leis na comhlachtaí Gaeltachta seo, atá ag forbairt táirgí nuálacha agus samhlaíocha. Tá muid ag feiceáil raon leathan comhlachtaí dúchasacha ag teacht ar an bhfód atá ag forbairt táirgí atá in oiriúint don mhargadh baile agus a bhfuil éileamh thar sáile freisin orthu.”

“Tá sé an-tábhachtach d’Údarás na Gaeltachta go bhfuilimid ag tacú leis an bhfiontraíocht sa nGaeltacht agus ag cothú timpeallacht inár féidir le daoine a bhfuil smaoineamh maith gnó acu, a bhfís a thabhairt chun foirfeachta, le tacaíocht uainne.”

Aontaíodh freisin ag cruinniú an lae inniu go gceadófaí maoiniú d’Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt cúrsa Ard-Dioplóma i Léiriú Teilifíse agus na Meáin Dhigiteacha, a reáchtáil sa Rinn, i nGaeltacht na nDéise, i gcomhar leis an gcomhlachta teilifíse Gaeltachta, Nemeton. Tá an tArd Dioplóma seo á reáchtáil le roinnt blianta agus beagnach 180 macléinn tar éis cáilíocht a bhaint amach agus tá leibhéal ard fostaíochta san earnáil closamhairc ach siúd a fuair cáilíocht tríd an gcúrsa.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:

“Tá lúcháir orainn bheith ag tacú arís le Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt agus le Nemeton i soláthar an chúrsa seo, a thagann le haidhmeanna Phlean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2021-2025 agus a luíonn freisin le spriocanna an Phróiseas Phleanála Teanga. Tá forbairt an oideachais tríú leibhéil Gaeilge an-tábhachtach d’Údarás na Gaeltachta; bíonn tionchar mór eacnamúil agus dea-thionchar teanga ag soláthar oideachais tríú leibhéal Gaeltachta ar na micléinn féin agus ar an bpobal áitiúil Gaeltachta. Táthar ag cur oideachais ar fáil, ag cothú fostaíochta agus ag forbairt scileanna. Tá ríméad orainn freisin go mbeidh béim ar leith amach anseo ar an meáin dhigiteacha sa gcúrsa Ard-Dioplóma, céim a thabharfaidh an cúrsa seo go dtí an chéad leibhéal eile agus a láidreoidh scileanna na macléinn agus iad ag tabhairt aghaidh ar an margadh fostaíochta.”