Acadamh Samhraidh AER

Tá Acadamh Samhraidh AER 2022 ar cheann de dhá thogra Éireannach a roghnaíodh mar bhuaiteoir ar an ngradam iomráiteach ‘Duais na Saoránach Eorpach’ do 2023.

17 Iúil, 2023

nóiméad léite

Gach bliain, bronnann an Pharlaimint Eorpach Duais na Saoránach Eorpach ar thograí “a eagraíonn daoine nó eagraíochtaí, a spreagann comhthuiscint agus comhtháthú idir daoine san AE, comhoibriú trasteorann a threisíonn an spiorad Eorpach agus luachanna an AE agus cearta bunúsacha.” Roghnaíodh an tAcadamh Samhraidh 2022 chomh maith leis an togra “Shona”, fiontar sóisialta do chumasú ban, mar bhuaiteoirí na duaise d’Éirinn.

 

Mar chuid de Bhliain Eorpach na hÓige, b’ é “An Eoraip don Chéad Ghlúin Eile” téama Acadamh Samhraidh 2022. B’é Comhthionól na Réigiún Eorpach (AER) a reáchtáil an tAcadamh Samhraidh 2022, a ndearna Comhairle Contae Dhún na nGall agus Údarás na Gaeltachta, an eagraíocht stáit ar a bhfuil freagracht na gceantar ina labhraítear Gaeilge in Éirinn (an Ghaeltacht) comh-óstú air. Cuireadh fáilte roimh 150 toscaire as 19 réigiún trasna na hEorpa chuig Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA), Leitir Ceanainn agus mol digiteach gteic@Gaoth Dobhair.

 

Le linn seachtaine díospóireachta, cur agus cúitimh agus cuairteanna eolais, d’oibrigh na toscairí le chéile le réiteach a fháil ar mhórdhúshláin na céad ghlúine eile; ag cumasú daoine óga i ndéanamh cinntí, trí nasc a chruthú idir iadsan agus ceannairí réigiúnacha, airí rialtais, teachtaí i bparlaimintí na hÉireann agus na hEorpa, Comhairle na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún.

 

Mar chuid den chlár, reáchtáladh díospóireachtaí ar rannpháirtíocht na hóige i bpolaitíocht réigiúnach, agus réimse ceardlanna ar an bhfiontraíocht faoin tuath, an bhitheacnamaíocht, géarchéim na dteifeach ón Úcráin, cumas gluaiseachta na n-óg, todhchaí scileanna, turasóireacht agus cian-obair. Eagraíodh cuairt ar chathair Dhoire, ag ar roinneadh eolas faoi thionscnaimh trasteorann a thacaíonn leis an bpróiseas síochána, cuairt ar Pháirc Náisiunta Ghleann Bheithe agus cuairt ar gteic Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Thír Chonaill. Fuair an tAcadamh Samhraidh tacaíocht ó thionscnamh rialtas na hÉireann “Ag déanamh cumarsáide faoin Eoraip” ‘Communicating Europe.’

 

D’fháiltigh Mícheál Ó hÉanaigh, leas-uachtarán AER don óige roimh an nuacht, ghlac sé buíochas le baill choiste eagair Acadamh an tSamhraidh AER 2022 agus dúirt:

Is mór an onóir do Chomhthionól na Réigiún Eorpacha gur roghnaíodh muid mar bhuaiteoir ar Dhuais na Saoránach Eorpach, maraon leis an togra Shona. Léirigh Acadamh an tSamhraidh 2022 go cinnte go bhfuil tionscnaimh a bhfuil ceannaireacht ag daoine óga orthu ag athrú na hEorpa ón mbun aníos, chun a leasa. Más ag tacú le teifigh é, ag tabhairt aghaidh ar athrú aeráide nó ag neartú rannpháirtíocht an phobail, tá neart, spiorad, cruthaitheacht agus spiorad pobail na n-óg ag éileamh níos mó rannpháirtíochta dóibh i ndéanamh na gcinntí ag gach leibhéal. Leanfaidh AER orthu ag obair le daoine óga lena chinntiú go mbeidh glór fiúntach acu i múnlú na hEorpa a bheas acu mar oidhreacht.”

 

Ar son na n-eagraíochtaí a rinne ostú ar an gcomhdháil, dúirt an Cllr Martin Harley, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall:

“Ar son Chomhairle Contae Dhún na nGall, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Comhthionól na Réigiún Eorpach, Coiste Eagair an Acadaimh Samhradh, ár gcomh-óstálaithe,     Údarás na Gaeltachta and mo chomhleacaithe ar Chomhairle Contae Dhún na nGall as an gradam iomráiteach seo, Duais na Saoránach Eorpach a bhuachaint. Is aitheantas é ar an obair dhíograiseach a rinne siad agus tiomantas gach a raibh baint acu leis an ócáid agus iad ag iarraidh todhchaí dearfach a chruthú do dhaoine óga ar fud an hEorpa. Bhí muid an-sásta gur reáchtáladh Acadamh Samhraidh 2022 i Contae Dhún na Gall, agus go raibh breis agus 150 rannpháirteach ann as 19 réigiún agus 18 tír, rud a chruthaíonn, maraon leis an duais seo, chomh leathan agus chomh héagsúil agus atá Acadamh an tSamhraidh AER.’

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:

‘Is iontach an rud go bhfuil an duais iomráiteach seo buaite ag Acadamh an tSamhraidh AER - Eoraip don Chéad Ghlúin Eile, a ndearna Údarás na Gaeltachta comh-óstú air i nDún na nGall anuraidh.  Bhí lúcháir orainn an oiread daoine óga as chuile chearn den Eoraip a bheith bailithe le chéile i dTír Chonaill agus ba mhór an onóir dúinn fáilte a chur rompu chuig gteic @Gaoth Dobhair i gceartlár na Gaeltachta le linn na hócáide. Ba deis eisceachtúil a bhí san Acadamh Samhraidh i nDún na nGall le daoine óga a réiteach le aghaidh a tabhairt ar na dúshláin chomónta atá roimh gach réigiún san Eoraip. Is iad daoine óga na linne seo ceannairí an lae amáirigh agus tá tábhacht ar leith le Acadamh Samhraidh AER sa chomhthéacs sin. Tugann sé seans dóibh fios feasa a bheith acu agus dianphlé a dhéanamh ar cheisteanna móra na linne seo. Tá tábhacht ar leith le plé dá leithéid don ghlúin óg, le cur i gcoinne bréag-nuachta agus guthanna imeallacha a bhíonn i réim san aimsir seo, ré na meán shóisialta.’

 

 

Eolas faoi AER:

 

Tá Tionól Réigiúin na hEorpa ar an gréasán neamhspleách is mó de réigiúin san Eoraip, agus 140 ball acu in 25 tír. Tá AER mar ghlór ag na húdaráis áitiúla ó 1985 agus bhí ról lárnach acu in aitheantas a fháil do na réigiúin mar ghné ríthábhachtach den Togra Eorpach. Tá ár ngréasán gníomhach i ngach páirt de mhór-roinn na hEorpa, taobh istigh agus taobh amuigh den Aontas Eorpach.  Faoi láthair, tá trí bhall ag AER in Éirinn, Comhairle Contae Dhún na nGall, Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Contae Mhaigh Eo.

 

Má theastaíonn breis eolais, is féidir dul i dteagmháil le bainisteoir cumarsáide baill AER, Justin Sammon ag j.sammon@aer.eu nó an Comhordaitheoir Cláracha, Lorène Weber ag l.weber@aer.eu