Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán

Údarás na Gaeltachta le tacú an athuair leis an Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán atá á reáchtáil ag an gcomhlacht aistriúcháin Gaeltachta, Europus

22 Meitheamh, 2023

nóiméad léite

Tá sé fógartha ag Údarás na Gaeltachta go mbeidh siad ag tacú an athuair le maoiniú don Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán a reáchtálann an comhlacht Europus i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh.

 

Is cúrsa ardghairmiúil 6 mhí é an tArd-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán, Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí, a reáchtáiltear ar an gCeathrú Rua i gConamara. Tá an cúrsa dírithe ar dhaoine ar mian leo a bheith ina n-aistritheoirí gairmiúla anseo in Éirinn nó in Institiúidí na hEorpa nó ar dhaoine ar mian leo a bheith ag obair in earnáil na Gaeilge. Cuirtear oiliúint ar mhic léinn i ngach réimse den aistriúchán agus de chruinneas teanga.

 

Ag caint inniu ag seoladh Ard Dioplóma 2023/2024, dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Tá fiúntas as cuimse leis an gcúrsa seo i bhfianaise éileamh mór a bheith ar aistritheoirí agus ar dhaoine le hardchumas Gaeilge, in Éirinn agus thar sáile. Mar gheall ar na hathruithe ar an reachtaíocht a bhaineann leis an nGaeilge, ag an leibhéal Eorpach agus anseo in Éirinn, tá deiseanna iontacha ag teacht chun cinn i dtionscal na teanga. Tá muid bródúil go bhfuil muid ábalta tacú leis an gcúrsa seo, a chuireann ar chumas phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge na deiseanna sin a thapú. Tá an pháirtnéireacht seo idir an comhlacht Europus, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus Údarás na Gaeltachta ag cur leis an soláthar aistritheoirí, aistritheoirí a bhfuil géarghá leo, má tá an ceart atá ag saoránaigh eolas a fháil i nGaeilge le comhlíonadh. Chomh maith leis sin, tá daoine a bhfuil togha na Gaeilge acu ábalta glacadh le postanna ar ardchaighdeán anseo sa mbaile agus ar mhór-roinn na hEorpa. Guíonn muid gach rath ar an rang a bheas ag tabhairt faoin gcúrsa i 2023. “

 

Dúirt Sinéad Ní Ráinne ó Europus:

“Is mór againn an chomhpháirtíocht seo idir muid fhéin, Údarás na Gaeltachta agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, comhpháirtíocht a bhfuil rath uirthi le breis is scór bliain.  Ní raibh an oiread deiseanna riamh ann i dtaobh na Gaeilge is atá faoi láthair ach na scileanna teanga cuí a bheith ag duine.   Sealbhaíonn mic léinn an Ard-Dioplóma na scileanna sin agus ullmhaítear iad don saol oibre.  Tá muid ag súil go mór fáilte a chur roimh Rang 23-24.”

 

Dúirt Diarmuid Ó Conghaile, Ceannasaí na Roinne Turasóireachta, Oidhreachta, Teangach agus Éigse in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh:

“Le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, agus saineolas Europus, táimid an-sásta an cúrsa a oscailt arís d’iarratasóirí don bhliain acadúil 23/34.  Tá an cúrsa seo ar an gcúrsa is fearr dá leithéid sa tír, agus an t-aon chúrsa dá shórt a chuirtear ar fáil sa Ghaeltacht. Tugann nádúr praiticiúil an teagaisc ar an gcúrsa, an taithí atá ag teastáil do mhic léinn chun gairm bheatha luachmhar a bhaint amach sa Ghaeilge fheidhmeach.”