Cead Tugtha d’Iarratas Nua Pleanála do Pháirc na Mara

Cead tugtha ag bord Údarás na Gaeltachta forbairt a dhéanamh ar iarratas nua pleanála do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin, Conamara

8 Meitheamh, 2023

nóiméad léite

 Ag cruinniú de bhord Údarás na Gaeltachta le gairid, ceadaíodh soláthar caipitil le go bhféadfaí cead pleanála a lorg in athuair do togra Pháirc na Mara ar Chomhairle Contae na Gaillimhe.

Úsáidfear an maoiniú a ceadaíodh le seirbhísí breise sainchomhairleoireachta a cheapadh chun uasdátú a dhéanamh ar an máistirphlean, agus na ceadúnais chuí a fháil le haghaidh na forbartha, ag tabhairt san áireamh na nithe a raibh soiléiriú déanta ag an mBord Pleanála orthu.  Ceadaíodh soláthar suas go €500,000 chun tabhairt faoin obair.

San earrach a dhiúltaigh An Bord Pleanála d’achomharc a bhí déanta ag Údarás na Gaeltachta ar chinneadh Chomhairle Contae na Gaillimhe i leith Pháirc na Mara.

Cé gur dhúirt an bord gur buille don togra a bhí sa gcinneadh seo, dúradh freisin nach raibh sé i gceist an togra straitéiseach seo a chaitheamh i traipisí, i bhfianaise tábhacht an togra don gheilleagar áitiúil agus go deimhin an tábhacht a bheadh leis mar ionad taighde agus táirgiúlachta go náisiúnta. 

Dúirt cathaoirleach sealadach an bhoird, Mary Uí Chadhain:

“Tá an togra seo rí-thábhachtach d’Údarás na Gaeltachta, ag an leibhéal áitiúil agus náisiúnta. Tá féidearthachtaí go leor i bhforbairt earnáil na mara ar chósta thiar na tíre seo; cuideoidh Páirc na Mara le dlús a chur le taighde; cuirfidh sé ar ár gcumas táirgí nua agus córais den chéad scoth a chur ar fáil san earnáil. Cruthófar fostaíocht a bhfuil géarghá léi i gceantar Gaeltachta atá faoi mhíbhuntáiste, ach a bhfuil luí ar leith ag an bpobal ann le hearnáil na mara. Tá an suíomh thar a bheith feiliúnach ar an iliomad bealach do thogra den tsaghas seo agus tá sé soiléir dúinn go bhfuil suim fós ag an earnáil phríobháideach lonnú ar Pháirc na Mara.“

Bheadh súil go mbeidh iarratas pleanála nua á chur faoi bhráid na Comhairle Contae roimh dheireadh 2024.