Cruinniú Boird in Anagaire

Cruinniú Boird Údarás na Gaeltachta inniu in Anagaire agus tús á chur le Comórtas Peile na Gaeltachta

2 Meitheamh, 2023

nóiméad léite

Ba in Anagaire i gceantar Gaeltachta na Rosann a tionóladh cruinniú míosúil bhord Údarás na Gaeltachta inniu, tráth a bhfuil na sluaite as gach cearn den Ghaeltacht ag trial ar Ghaeltacht Thír Chonaill do Chomórtas Peile na Gaeltachta, cheann de na mór-ócáidí bliantúla i bhféilire na Gaeltachta. Ar maidin a chas coiste Chomórtas Peile na Gaeltachta le bord Údarás na Gaeltachta, atá i measc phríomh-urraithe an chomórtais.

 

Dúirt cathaoirleach sealadach an Údarás, Mary Uí Chadhain:

“Is iontach an rud é a bheith anseo sna Rosa don ócáid fíor-speisialta seo. Bíonn Comórtas Peile na Gaeltachta ar cheann de na deiseanna luachmhara a bhíonn ag pobal na Gaeltachta, idir fhir agus mhná, teacht le cheile i mbun spóirt, scléip agus siamsaíochta. Tá obair mhór déanta ag an gcoiste áitiúil agus ag CLG Naomh Muire anseo lena chinntiú go mbeidh comórtas den scoth ann i mbliana. Is iontach an rud na foirne agus a lucht tacaíochta a fheiceáil ag teacht ó cheantair Ghaeltachta ar fud na tíre; cuirimid fáilte speisialta freisin roimh na bhfoirne sin atá tagtha ó taobh amuigh den Ghaeltacht, agus a chuireann go mór leis an gcomórtas mar gheall ar a dtiomantas don spórt agus don teanga. Guíonn muid gach rath orthu uile.”

 

I measc na n-ábhar a pléadh ag cruinniú an lae inniu, bhí na figiúirí do Dhaonáireamh 2022 maidir leis an nGaeilge, a d’fhoilsigh an Phríomhoifig Staidrimh an tseachtain seo.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, príomfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Is maith an rud é go bhfuil stop curtha leis an titim tubaisteach a chonaic muid ar líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla sa nGaeltacht i nDaonáireamh 2016. Beidh tuilleadh scagadh le déanamh ar na figiúirí, agus beidh muid ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil ar na fáthanna atá le fás suntasach san méid cainteoirí Gaeilge i gceantair áirithe agus titim suntasach i gceantair eile.  Is léir go bhfuil staid na Gaeilge leochaileach sa nGaeltacht.  Ach tá muid muiníneach go mbeidh muid in ann na figiúirí seo a úsáid mar thúsphointe; tá muid dóchasach, ag obair i gcomhair le pobal na Gaeltachta agus an státchóras, gur féidir linn tógáil ar an obair mhaith atá á dhéanamh agus go bhfeicfidh muid sa gcéad Daonáireamh eile toradh na h-oibre sin go forleathan. “