Clár Intéirneachta RTÉ

Údarás na Gaeltachta dóchasach go gcuideoidh a dtacaíocht do chlár intéirneachta RTE le forbairt earnála atá rí-thábhachtach don Ghaeltacht

18 Bealtaine, 2023

nóiméad léite

Katie Whelan, Joseph Mac Aoidh & Róisín Ní Mhaoláin

Is údar bróid d’Údarás na Gaeltachta go bhfuil triúr as 15 duine atá rannpháirteach i gclár nua intéirneachta RTE ag plé go sonrach le craoltóireacht na Gaeilge, beirt acu siúd le craoltóireacht sa nGaeltacht.

An tseachtain seo a cuireadh tús leis an gclár intéirneachta do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ag obair le raidió nó le teilifís sna réimsí éagsúla in RTE, ina measc, cúrsaí léirithe, raidió, TV, ar-líne, cúrsaí teicniúla, riaracháin agus eile.

 

Ta Údarás na Gaeltachta ríméadach go bhfuil an tacaíocht atá siad a chur ar fáil don chlár intéirneachta ag cinntiú go bhfuil dlús breise leis an gcuid sin den chlár oiliúna atá dírithe ar an nGaeilge.

 

Mar cheann de na ghnéithe is suntasaí a bhaineann leis an gclár oiliúna,  beidh na hintéirnigh ag déanamh cúrsa 3 seachtainí mar mheitheal foghlamtha i gceann-áras RTE i nDomhnach Broc.  I rith an ama sin, beidh siad ag cur lena dtaithí, ag foilsiú ábhair ar ardáin éagsúla fuaime, físe agus scríofa, ag obair mar chuid de na meithleacha oibre agus ag cur leis an ngréasán atá acu.   Beidh siad ansin ag dul ag obair ar feadh tréimhse in RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le Nuacht RTÉ i gCasla, Baile na hAbhann agus na Doirí Beaga.

 

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Is iontach an rud é go bhfuil RTE ag cur deis luachmhar ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh a bheith ag obair i saol na craoltóireachta. Maraon leis an tacaíocht a thugann Údarás na Gaeltachta do leithéide TG4 agus a gcúrsaí oiliúna siúd, tá áthas orainn go bhfuil ar ár gcumas an gné Gaeilge den chlár seo a threisiú, ar mhaithe le tuilleadh deiseanna a chruthú do phobal na Gaeltachta, i reimse oibre atá thar a bheith luachmhar don Ghaeltacht trí chéile. “

 

Dúirt Kevin Burns, ceannasaí RTE Learn:

"Tá an-áthas ar RTÉ faoin bpáirtnéireacht seo leis an Údarás mar go dtugann a thacaíocht deis dúinn cur le líon ár n-intéirneach i mbliana, agus triúr dóibh ag obair i gCláracha Gaeilge, RTE Raidió na Gaeltachta agus Nuacht RTE/TG4.  Caithfidh an triúr intéirn seo seal ag obair sa Ghaeltacht tar éis dóibh a trí seachtainí traenála a chríochnú i nDomhnach Broc. Tá súil againn go gcáithfidh siad sé mhí spreagúla linn agus táimid ag súil go mór le cuidiú leo taitneamh agus tairbhe a bhaint as an deis oibre agus foghlama iontach seo".