Féile Idirnáisiúnta Nuálaithe Faoi 35 MIT, An Eoraip

Gaeltacht Thír Chonaill faoi réir le fáilte a chur roimh Fhéile Idirnáisiúnta Nuálaithe Faoi 35 MIT, An Eoraip

10 Bealtaine, 2023

nóiméad léite

As seo go tráthnóna Dé Sathairn, beidh scoth na nuálaithe óga ag teacht go Gaoth Dobhair as chuile chearna den Eoraip, chun páirt a ghlacadh i bhFéile Idirnáisiúnta Nuálaithe Faoi 35 MIT, An Eoraip a mbeidh cuid mhór de á reáchtáil ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair agus i gteic Ghaoth Dobhair. Le linn na féile, beidh sraith díospóireachtaí, turais, painéil chainte agus imeachtaí sóisialta ar bun, le deis a thabhairt dóibh siúd atá ag freastal a gcuid oibre a chur ar taispeáint agus plé a dhéanamh ar na bealaigh is fearr inár féidir an nuálaíocht, an teicneolaíocht agus bealaigh nua smaointeoireachta a úsáid leis an saol a fheabhsú.

Tá MIT Nuálaithe Faoi 35 ag ceiliúradh na ndaoine óga seo le breis agus fiche bliain agus beidh siad ag teacht chuig an nGaeltacht i dteannta chuid de na teicneolaithe is fearr aithne ar domhan, ina measc an fisiceoir, Georgios Nounesis, stiúrthóir Ionad Náisiúnta na Gréige do Thaighde Eolaíoch “Demokratis”, a bheas ag tabhairt na heochair-chainte do na Nuálaithe Óga a tháinig tríd an bpróiseas roghnúcháin.

Maraon leis na fiontraithe óga, beidh ionadaithe i láthair ó réimse an ard-oideachais, áisíneachtaí forbartha, comhlachtaí ilnáisiúnta, fiontraithe áitiúla agus go leor eile.

Tá an fhéile ag díriú i mbliana ar an mbealach is fearr leis an sochaí a fheabhsú agus fás eacnamúil a chumasú i réimsí ar nós na bitheicneolaíochta agus leigheas, ríomhaireacht agus leictreonacht, crua-earraí, bogearraí, an idirlíon, intleacht shaorga, róbataic, teilechumarsáid, nanatheicneolaíocht, agus ábhar fuinnimh agus iompair.

Maidin amárach (Déardaoin) a reáchtálfar Lá Oideachais i gteic Ghaoth Dobhair agus beidh suas le 80 macléinn ó mheánscoileanna Gaeltachta na contae ag obair ar bhealaigh le fadhbanna na linne a réiteach ar bhealaigh nuálacha, in éineacht le ionadaithe ó chomhlachtaí áitiúla agus cuid de na nuálaithe óga.

Trathnóna amárach (Déardaoin) a dhéanfaidh cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Mary Uí Chadhain oscailt oifigiúil ar an bhféile i nDrioglann Chroithlí. Beidh sraith imeachtaí agus cainteanna ar bhun i gcaitheamh an lae Dé hAoine i gteic@Gaobh Dobhair, sula mbíonn clabhsúr na féile ann in Óstán na Cúirte tráthnóna Dé hAoine.

Ar an Satharn, beidh deis ag na cuairteoirí scíth a ligean agus blaiseadh a fháil de áilleacht na Gaeltachta, agus deis acu dul go barr na hEaragaile nó i mbun surfála ar an gcósta sula bhfilleann siad ar an mbaile.

Is iad Údarás na Gaeltachta i gcomhair leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán príomh-urraitheoirí na féile; tá tacaíocht á thabhairt don fhéile freisin ag Comhairle Dhoire, Comhairle Áitiúil an tSrath Bháin, Comhairle Contae Dhún na nGall, Ollscoil na Gaillimhe, Catalyst, Randox, Optum, Ollscoil Ulaidh, Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh. Is iad Aisling Events atá ag reáchtáil na féile.