MIT Nuálaithe faoi 35

Na nuálaithe is cumasaí san Eoraip ag teacht go Gaeltacht Thír Chonaill do fhéile idirnáisiúnta MIT Faoi 35 don dara bliain as a chéile.

24 Aibreán, 2023

nóiméad léite

An chéad mhí eile a chruinneoidh grúpa idirnáisiúnta de núalaithe óga le chéile i nGaoth Dobhair do chomhdháil MIT Nuálaithe Faoi 35, agus formhór na comhdhála á óstáil ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair agus gteic@ Ghaoth Dobhair.

Beidh an chomhdháil ar siúl i nGaoth Dobhair ar an 11-12 Bealtaine, agus na núalaithe óga seo ag tabhairt léargais ar na réimsí ina bhfuil siad ag obair agus ag taispeáint na bealaí ina bhfuil a gcuid oibre ag cuidiú le feabhas a chur ar an saol, tríd úsaid cheannródaíoch na teicneolaíochta.

Tá MIT Nuálaithe Faoi 35 ag ceiliúradh na ndaoine óga seo le breis agus fiche bliain agus beidh siad ag teacht chuig an nGaeltacht i dteannta chuid de na teicneolaithe is fearr aithne ar domhan, ina measc an fisiceoir, Georgios Nounesis, stiúrthóir Ionad Naisúnta na Gréige do Thaighde Eolaíoch “Demokratis”, a bheas ag tabhairt na heochair-chainte do na Nuálaithe Óga a tháinig tríd an bpróiseas roghnúcháin.

Beidh Georgios agus na nuálaithe i dteannta ceannairí nualaíochta agus teicneolaíochta as an Iodáil, Andorra, na Stáit Aontaithe, an tSualainn agus an Ísiltír– ina measc Vanesa Aroyo, Ceannasaí na hÁisíneachta Nualaíochta in Andorra agus an t-údar Nicklas Bergman atá ar Choiste Infheistíochta Chiste Chomhairle Nualaíochta na hEorpa.

I measc na ndaoine a tháinig as an gclár MIT Nuálaithe Faoi 35 roimhe seo, tá bunaitheoirí Google, Sergey Brin agus Larrry Page, an ceannródaí teicneolaíochta Feng Zhang ó CRISPR agus comhbhunaitheoir TESLA, JB Straubel.

Chomh maith leis an urraíocht atá á déanamh ag Údarás na Gaeltachta ar an fhéile, tá tacaíocht á thabhairt don fhéile freisin ag Comhairle Dhoire, Comhairle Áitiúil an tSrath Bháin, Comhairle Contae Dhún na nGall, Ollscoil na Gaillimhe, Catalyst, Randox, Optum, Ollscoil Ulaidh, Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh.

Tá an fhéile ag díriú i mbliana ar an mbealach is fearr leis an sochaí a fheabhsú agus fás eacnamúil a chumasú i réimsí ar nós nós na bitheicneolaíochta agus leigheas, ríomhaireacht agus leictreonacht, crua-earraí, bogearraí, an idirlíon, intleacht shaorga, róbataic, teilechumarsáid, nanotheicneolaíocht, agus ábhar fuinnimh agus iompair.

Beidh béim ar leith freisin ar óige an cheantair le linn na féile agus reáchtálfar Lá Oideachais ar mhaidin an 11 Bealtaine nuair a bheas deis ag micléinn ó mheánscoileanna Gaeltachta na contae teacht isteach chuig gteic Ghaoth Dobhiar, áit a mbeidh dúshláin ghnó a gcur faoina mbráid agus na daoine óga á réiteach le cabhair ó ionadaithe na gcomhlachtaí Gaeltachta.

Beidh an fhéile ag tabhairt léargais chomh maith ar an gceantar Gaeltachta agus ar an mbealach, a bhuíochas don teicneolaíocht, gur féidir le ceantar ata i bhfad ó aon ionad uirbeach a bheith chomh forbartha agus chomhceangailte le aon chathair mhór dhomhanda.

 

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Ta an-áthas ar Údarás na Gaeltachta go bhfuil Gaeltacht Thír Chonaill roghnaithe don dara bliain as a chéile don fhéile seo, a dhéanann comóradh agus ceiliúradh ar an nuálaíocht agus ar an gcruthaitheacht. Is iontach an rud é go bhfuil áis ar nós gteic Ghaoth Dobhair againn leis an gcomhdháil seo a óstáil, áis atá ar aon dul le aon mhol digiteach in aon áit sa tír nó go deimhin san Eoraip. Tá lúcháir orainn go bhfuil Údarás na Gaeltachta ábalta tacú leis an ócáid seo agus ta muid ag dúil go mór le fáilte a chur roimh na nuálaithe seo ó ar fud na hEorpa do chomhdháil thábhachtach, spreagúil a bheas chun leasa na Gaeltachta, an chontae agus na tíre.”

 

Dúirt Connla Mac Cann ón gcomhlacht Aisling Events,  atá ag reáchtáil na féile:

“Tá oidhreacht shaibhir chultúrtha ag ceantar Ghaoth Dobhair i gcroílár na Gaeltachta. Cé go bhfuil an ceantar seo ar bhruach an Atlantaigh, tá cuid den cheangal leathanbhanda is láidre ar an oileán acu agus comhlachtaí Eorpach d’ardchaighdeán lonnaithe ar Pháirc Gnó Ghaoth Dobhair.  Tá an Mol Digiteach, gteic@Gaobh Dobhair ag cur áiseanna d’ardchaighdeán ar fáil do oibrithe san earnáil teicneolaíochta agus d’fhiontraithe, faoi scáth na hEaragaile. Tá muid ríméadach gur féidir linn cuid de na nualaithe is cumasaí san Eoraip a thabhairt chuig réigiún ata ag taispeáint don domhan mór gur féidir leis an teicneolaíocht a bheith neadaithe i gceantar tuaithe, maraon le aon cheantar uirbeach.”