An Chraobh Tugtha leo ag Foireann Phobalscoil Chorca Dhuibhne

An chraobh tugtha leo ag foireann as Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag an gComórtas Náisiúnta do Fhiontraithe Óga Gaeltachta

20 Aibreán, 2023

nóiméad léite

20/04/2023 Repro free: Pupils from Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Kerry ( left to right ) Padraig Sean Ó Muircheartaigh and Cathal Ó Fearghail won the at the Údarás na Gaeltachta’s, National Final of Clár na gComhlachtaí, the competition for young entrepreneurs, at the Connemara Coast Hotel, Galway. The team now have the  opportunity to participate in the Junior Achievement Europe Final which will take place in Istanbul, Turkey in July. Their business, Solaitháirí Spóirt Ciarraí has created a sports sock with a small pocket for holding a gum shield, key or any small item.Photo:XPOSURE.

B’é an togra Soláthraí Spóirt, togra de chuid fhoireann as Pobalscoil Chorca Dhuibhne a bhain amach an chraobh inniu ag babhta ceannais Chlár na gComhlachtaí a reáchtáladh in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha i gConamara - beidh an fhoireann bhuacach ag déanamh ionadaíochta thar ceann na hÉireann ag an gCraobh Eorpach den Chlár Junior Achievement a bheas ar bun in Istanbul na Tuirce i mí Iúil.

Ba dearadh ar leith do stocaí spóirt, ina bhfuil póca speisialta do chosaint béil, an táirge a bhí ag an bhfoireann bhuacach.

Bhuaigh Anseo Anois, togra de chuid Scoil Phobail Charna an gradam nuálaíochta, as fiontar a leagan béim ar thacaíocht agus treoir do dhaoine óga le fadhbanna meabhairshláinte. B’iad Crainn Chruthaitheacha as Pobalscoil Ghaoth Dobhair a bhuaigh an duais as an margaíocht a b’fhearr, as a dtáirge d’earraí tís a déantar as ábhar athchúrsáilte.

Is taithí phraiticiúil ghnó atá i gClár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta atá á fhorbairt agus á sheachadadh tríd Údarás na Gaeltachta i gcomhair le Junior Achievement Ireland (JAI) le tacaíocht ó mheantóirí gnó Ghaeltachta agus múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta.

Bhí breis agus 600 dalta as an idirbhliain i gceantair Ghaeltachta páirteach i mbliana agus chuir siad dua orthu féin a ngnó féin a chruthú, a reáchtáil agus a bhainistiú.  Tugann an clár iliomad deiseanna chun scileanna tábhachtacha gnó, acadúla agus ceannaireachta a fhorbairt agus a threisiú, scileanna a bheidh fíorluachmhar amach anseo.

 

Dúirt Tomás Ó Síocháin Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Bhí sé iontach glúin óg fiontraithe a fheiceáil ag Craobh Náisiúnta de Chlár na gComhlachtaí.  Bhí tograí uaillmhianacha, samhlaíocha ar taispeáint anseo inniu a léiríonn go bhfuil an fhiontraíocht i gceantair Ghaeltachta slán sábháilte.  Tá Údarás na Gaeltachta an-bhródúil go bhfuilimid ag cur na fiontraíochta i measc daltaí chun cinn agus tá mé cinnte go mbeimid ag feiceáil na bhfiontraithe óga níos minice amach anseo.  Comhghairdeachas leis na daltaí ar fad a ghlac páirt agus tá muid cinnte go n-éirí go geal leis an bhfoireann bhuacach in Istanbul.”

Dúirt Helen Raftery, Príomhfheidhmeannach Junior Achievement Ireland:

“B’iontach díograis agus cumas na ndaoine óga seo a fheiceáil inniu agus cruthúnas a fháil arís eile ar bhuntáistí an chláir seo agus an taithí phraiticiúil a thugann sé do dhaoine óga ar fud na Gaeltachta. Ba mhaith linn ár mbuíochas a léiriú do Údarás na Gaeltachta as a dtacaíocht leanúnach agus freisin ár mbuíochas a ghabháil leis na múinteoirí agus meantóirí gnó a thacaíonn le forbairt bhua na fiontraíochta sna micléinn. Comhghairdeachas ó chroí le gach foireann a bhí páirteach agus go háirithe leis na buaiteoirí, Soláthraí Spóirt as Pobalscoil Chorca Dhuibhe a bheas ag dul ar aghaidh go Comórtas Comhlacht na Bliana JA na hEorpa 2023 in Istanbul. “