An chraobh tugtha leo ag foireann as Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag an gComórtas Náisiúnta do Fhiontraithe Óga Gaeltachta
B’é an togra Soláthraí Spóirt, togra de chuid fhoireann as Pobalscoil Chorca Dhuibhne a bhain amach an chraobh inniu ag babhta ceannais Chlár na gComhlachtaí a reáchtáladh in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha i gConamara - beidh an fhoireann bhuacach ag déanamh ionadaíochta thar ceann na hÉireann ag an gCraobh Eorpach den Chlár Junior Achievement a bheas ar bun in Istanbul na Tuirce i mí Iúil.
Ba dearadh ar leith do stocaí spóirt, ina bhfuil póca speisialta do chosaint béil, an táirge a bhí ag an bhfoireann bhuacach.
Bhuaigh Anseo Anois, togra de chuid Scoil Phobail Charna an gradam nuálaíochta, as fiontar a leagan béim ar thacaíocht agus treoir do dhaoine óga le fadhbanna meabhairshláinte. B’iad Crainn Chruthaitheacha as Pobalscoil Ghaoth Dobhair a bhuaigh an duais as an margaíocht a b’fhearr, as a dtáirge d’earraí tís a déantar as ábhar athchúrsáilte.
Is taithí phraiticiúil ghnó atá i gClár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta atá á fhorbairt agus á sheachadadh tríd Údarás na Gaeltachta i gcomhair le Junior Achievement Ireland (JAI) le tacaíocht ó mheantóirí gnó Ghaeltachta agus múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta.
Bhí breis agus 600 dalta as an idirbhliain i gceantair Ghaeltachta páirteach i mbliana agus chuir siad dua orthu féin a ngnó féin a chruthú, a reáchtáil agus a bhainistiú. Tugann an clár iliomad deiseanna chun scileanna tábhachtacha gnó, acadúla agus ceannaireachta a fhorbairt agus a threisiú, scileanna a bheidh fíorluachmhar amach anseo.
Dúirt Tomás Ó Síocháin Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:
“Bhí sé iontach glúin óg fiontraithe a fheiceáil ag Craobh Náisiúnta de Chlár na gComhlachtaí. Bhí tograí uaillmhianacha, samhlaíocha ar taispeáint anseo inniu a léiríonn go bhfuil an fhiontraíocht i gceantair Ghaeltachta slán sábháilte. Tá Údarás na Gaeltachta an-bhródúil go bhfuilimid ag cur na fiontraíochta i measc daltaí chun cinn agus tá mé cinnte go mbeimid ag feiceáil na bhfiontraithe óga níos minice amach anseo. Comhghairdeachas leis na daltaí ar fad a ghlac páirt agus tá muid cinnte go n-éirí go geal leis an bhfoireann bhuacach in Istanbul.”
Dúirt Helen Raftery, Príomhfheidhmeannach Junior Achievement Ireland:
“B’iontach díograis agus cumas na ndaoine óga seo a fheiceáil inniu agus cruthúnas a fháil arís eile ar bhuntáistí an chláir seo agus an taithí phraiticiúil a thugann sé do dhaoine óga ar fud na Gaeltachta. Ba mhaith linn ár mbuíochas a léiriú do Údarás na Gaeltachta as a dtacaíocht leanúnach agus freisin ár mbuíochas a ghabháil leis na múinteoirí agus meantóirí gnó a thacaíonn le forbairt bhua na fiontraíochta sna micléinn. Comhghairdeachas ó chroí le gach foireann a bhí páirteach agus go háirithe leis na buaiteoirí, Soláthraí Spóirt as Pobalscoil Chorca Dhuibhe a bheas ag dul ar aghaidh go Comórtas Comhlacht na Bliana JA na hEorpa 2023 in Istanbul. “