Fiontraithe Óga Gaeltachta ag súil áit a bhaint amach i gCraobh Chomhlacht na Bliana

Fiontraithe óga ag teacht as gach cearn den Ghaeltacht agus súil acu áit a bhaint amach i gCraobh Chomhlacht na Bliana JA in Istanbul

18 Aibreán, 2023

nóiméad léite

Cheithre cinn de scoileanna Gaeltachta a bheas ag glacadh páirt i gCraobh Náisiúnta Chlár na gComhlachtaí, a bheas á reáchtáil in Óstán Chois Fharraige ar an Déardaoin an 20 Aibreán. Beidh 7 bhfoireann d’fhiontraithe óga in iomaíocht lena chéile, ag súil go bhfaighidh siad an deis páirt a ghlacadh i Craobh Chomhlacht na Bliana Junior Achievement na hEorpa a bheidh ar siúl in Istanbul na Tuirce i mí Iúil.

 

Is comhfhiontar é Clár na gComhlachtaí idir Údarás na Gaeltachta agus Junior Achievement Ireland, and é mar aidhm ag an gclár blaiseadh a thabhairt do dhaoine óga de shaol an fhiontraí.

 

Beidh dhá fhoireann as Ciarraí i láthair agus an dá thogra sin tagtha as Pobalscoil Chorca Dhuibhne –Soláthróirí Spóirt agus Firicí Fánacha.

Beidh súil freisin ag dhá thogra as Conamara an chraobh a thabhairt leo – tagann an dá fhoireann as Scoil Phobail Mhic Dara i gCarna, leis na tograí Cuimhní ag Fás agus Anseo Anois.

 

Beidh dhá fhoireann as Pobalscoil Ghaoth Dobhair ag seasamh an fhóid ar son Ghaeltacht Thír Chonaill, leis an dá thogra, Crainn Cruthaitheacha agus Voltas.

Agus san iomaíocht thar ceann Ghaeltacht Mhaigh Eo, beidh Nails by Ciara, togra de chuid na foirne as Coláiste Pobail Acla.

 

Bhí iomaíocht ghéar san craobhacha áitiúla le teacht chomh fada leis an mbabhta ceannais agus is iad na seacht gcinn de mhionchomhlachtaí seo ó ranganna idirbhliana na scoileanna Gaeltachta atá anois ag iarraidh áit a bhaint amach sa gcraobh Eorpach.

 

Cé go mbeidh an comórtas fiontraíochta ar bun Déardaoin, ta clár spreagúil leagtha amach do na rannpháirtithe thar dhá lá: ar an gCéadaoin, an 19 Aibreán, beidh siad ag tabhairt cuairt ar Ollscoil na Gaillimhe, áit a mbeidh siad ag casadh le hUachtarán na hOllscoile, An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh. Gheobhaidh siad deis a gcuid tograí féin a chur ar taispeáint agus beidh siad ag fáil eolais faoi chúrsaí nuálaíochta san ollscoil agus ag labhairt le micléinn atá sáite i gcúrsaí forbartha agus nuálaíochta ansin. Beidh na micléinn Ghaeltachta ag fáil amach freisin, faoin réimse cúrsaí in Ollscoil na Gaillimhe a bhfuil baint acu leis an nGaeilge, nó gur féidir iad a dhéanamh tré Ghaeilge.

 

Roimh an gcomórtas, beidh seisiún oiliúna ag na foirne fiontraithe leis an gcomhlacht margaíochta Lorg Media, áit a bhfaighidh siad eolas faoi mbealach is fearr lena gcuid smaointe agus a gcuid tograí a chur i láthair.

 

Dúirt Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta agus Maoine Údarás na Gaeltachta, Dearbháil Ní Chualáin:

“Is iontach an deis í seo do na daoine óga teacht le chéile agus a gcuid smaointe gnó a chur i láthair a chéile agus i láthair an phobail. Tá muidne in Údarás na Gaeltachta ríméadach go bhfuil muid in ann iad a chumasú ar an gcaoi seo. Ach feictear dúinn freisin go bhfuil sé tábhachtach an comórtas fiontraíochta seo a bheith i gcomhthéacs níos leithne oideachasúil, mar atá á dhéanamh leis an gcuairt a thabharfaidh siad ar Ollscoil na Gaillimhe. Tá mé cinnte go bhfanfaidh an méid a fhoghlaimeoidh na daoine óga seo le linn an dá lá ina n-intinn,  le linn a saol oideachais amach anseo, agus nuair atá siad féin ag tabhairt aghaidh ar shaol na hoibre amach anseo.”