Páirc na Mara

Údarás na Gaeltachta meáite ar leanacht ar aghaidh le togra Pháirc na Mara i gCill Chiaráin

12 Aibreán, 2023

nóiméad léite

Inné in Ionad Pobail Chill Chiaráin, bhí cruinniú eolais tairbheach ag Údarás na Gaeltachta le cuid de na coisti áitiúla in Iorras Aithneach a léirigh suim sa bpróiseas le togra Pháirc na Mara a thabhairt ar an bhfód.

Roinnt seachtainí ó shin a dhiúltaigh An Bord Pleanála don aighneacht a rinne Údarás na Gaeltachta maidir le cinneadh Chomhairle Contae na Gaillimhe gan cead pleanála a thabhairt do Pháirc na Mara.

 

Bhí an Príomhfheidhmeannach, Tomás Ó Síocháin, i láthair aréir thar ceann an Údaráis, mar aon leis an Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga, Rónán Mac Con Iomaire agus na feidhmeannaigh san Údarás atá ag stiúradh an togra. Bhí ionadaithe ón gcomhlacht comhairleoireachta Ryan Hanley i láthair freisin, chun ceisteanna a fhreagairt faoin tuairisc a rinne an Bord Pleanála faoin togra.

 

Tar éis an chruinnithe, dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin:

“Tá Údarás na Gaeltachta go láidir den tuairim go bhféadfadh Páirc na Mara a bheith cinniúnach don cheantar seo agus go náisiúnta. Cruthóidh sé deiseanna fostaíochta, oiliúna agus taighde agus cuirfidh sé go mór le dul chun cinn eacnamúil an cheantair. Is coincheap nualách é, a bhaineann le earnáil a mbeidh borradh mór faoi sna blianta le teacht, earnáil na n-acmhainní nádúrtha. “

 

“Creidimid go bhfuil sé tábhachtach go dtabharfaí an plean seo chun críche agus tá muid fós ag scrúdú an bealach is fearr le é sin a dhéanamh. Is ceist thar a bheith casta agus leochaileach í ceist na pleanála, go háirithe do thogra uaillmhianacha den tsaghas seo. Dá bhrí sin, tá go leor comhairle á ghlacadh againn. Tá roinnt seachtainí fós againn leis an gceist a scrúdú go hiomlán agus síleann muid go bhfuil sé tábhachtach é sin a dhéanamh ar bhealach stuama, meáite. “

 

“É sin ráite, shíl Údarás na Gaeltachta go raibh sé tábhachtach go mbeadh ionadaithe an phobail áitiúil go hiomlán ar an eolas faoin mbunús a bhí le cinneadh an Bhoird Pleanála agus na roghanna atá romhainn amach. Is chuige sin a tháinig muid anseo anocht agus tá muid fíor-bhuíoch dóibh siúd a tháinig i láthair agus fíor-bhuíoch freisin as an tacaíocht leanúnach atá tugtha ag pobal Iorras Aithneach do Pháirc na Mara.”